Léirsiú ag Teach Laighean: gníomh dearfach á éileamh chun deireadh a chur leis an gGéarchéim Tithíochta Ghaeltachta. Bhí an léirsiú eagraithe ag an Mheitheal Náisiúnta Pleanála Teanga le tacaíocht leathan ó ghrúpaí Gaeilge agus Gaeltachta
Dé Máirt 12 Feabhra 2024, tháinig léirseoirí ó fud na tíre chomh fada le sráideanna Bhaile Átha Cliath lena míshástacht a léiriú faoin mhoilleadóireacht agus faoin easpa dul chun cinn ón Roinn Tithíochta agus ó Rialtas na hÉireann i leith ghéarchéim tithíochta na Gaeltachta.
Tagann an léirsiú ag an am céanna agus atá an Roghchoiste um Thithíocht, Rialtas Áitiúil agus Oidhreacht ag cur tús lena phlé ar leasuithe ar an mBille um Pleanáil agus Forbairt 2023.
Tá sé ina sprioc ag eagraitheoirí an léirsithe aird a tharraingt ar an Ghéarchéim Tithíochta Ghaeltachta agus le laigeachtaí sa Bhille um Pleanáil agus Forbairt mar a bhaineann sé leis an Ghaeltacht a dhéanamh soiléir.
Ag labhairt inniu, dúirt Dónall Ó Cnáimhsí, Urlabhraí don Mheitheal Náisiúnta Pleanála Teanga:
"Ó Phort Láirge san oirdheisceart go Tír Chonaill san iarthuaisceart, tá sé ag éirí níos deacra agus níos deacra do mhuintir na Gaeltachta cead pleanála a fháil ina gceantar féin. Séantar cead pleanála ar dhaoine ón áit ar an ábhar, dar leis na comhairlí áitiúla, nach bhfuil 'riachtanais áitiúil' acu agus tá an sainmhíniú ar cáide an rud atá sa ‘riachtanas áitiúil’ á chúngú agus á thachtadh i rith an ama. Ciallaíonn sé seo nach féidir le lánúineacha óga cead pleanála a fháil ina gceantar dúchais féin. Fosta, tagann seo salach ar pholasaí an Rialtais ó thaobh na pleanála teanga de, mar a léirítear in Acht na Gaeltachta 2012. Mura mbeidh daoine sa Ghaeltacht leis an teanga a labhairt, cén mhaith a bheith ag caint ar phleanáil teanga?"
Dúirt Róisín Ní Chinnéide, Urlabhraí don Mheitheal Náisiúnta Pleanála Teanga inniu:
"Táimid anois níos mó ná dhá bhliain ar aghaidh ó gheall an tAire, Darragh O’Brien TD, go mbeadh na Treoirlínte Pleanála Gaeltacha curtha ar fáil. Dhá bhliain níos déanaí agus níl aon radharc orthu fós, a fhágann go bhfuil an comhthéacs ríthábhachtach in easnamh orainn agus ceann de na billí pleanála is tábhachtaí i stair na tíre seo ag dul trí Thithe an Oireachtais. Táimid tinn tuirseach de bheith ag fanacht ar Airí, ag fanacht ar ghealltanais agus ag fanacht ar ghníomh - tá teachtaireacht soiléir tugtha againn gur gá go mbeadh an Ghaeltacht lárnach sa Bhille seo, agus beimid glórach go mbeidh réiteach ar ghéarchéim tithíochta ár linne."
Tá tacaíocht ag an léirsiú ó Chonradh na Gaeilge, ón Dream Dearg agus ó Aontas na Mac Léinn in Éirinn (AMLÉ/USI).