skip to main content

Draíocht agus feidhm an cheoil Ghaelaigh

Labhair Toner Quinn le Tristan Rosenstock faoina leabhar nua 'What Ireland Can Teach the World About Music ar an gclár An Cúinne Dána ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Dár ndóigh, tá cáil ar Éirinn as caighdeán na gceoltóirí agus an áit lárnach atá ag an gceol i sochaí na hÉireann. Ina leabhar nuafhoilsithe, deir Toner Quinn, eagarthóir na hirise clúití, The Journal Of Music go raibh sé ag iarraidh go mbeadh 'dioscúrsa domhain agus leathan faoin gceol'

'bíonn tú ag seasamh isteach sa cheol agus bíonn tú ag seasamh amach as an gceol'

Labhair Tristan agus Toner faoin bhfocal a úsáidtear go minic i leith an cheol Ghaelaigh, an focal 'purist' agus ar a bhfuil aiste scríofa ag Toner sa leabhar. Deir sé gur 'shorthand' é an focal sin ach nach bhfuil sé den tuairim go bhfuil díospóireacht chríochnúil tarlaithe maidir le héabhlóid an cheoil.

Baineann cuid den scríbhneoireacht atá sa leabhar nua seo faoi fheidhm an cheoil agus tá Quinn den tuairim go bhfuil siamsaíocht i gceist leis an gceol ach go bhfuil feidhm téagartha ag baint leis freisin, sa mhéid 's go dtugann sé daoine le chéile agus go bhfuil deis chumarsáide sa bhreis leis an gceol.

Más spéis leat tuilleadh a fhoghlaim faoin gceol Gaelach, is fiú go mór féachaint siar ar an gclár a rinneadh RTÉ faoin gceoltóir iomráiteach a bhásaigh anuraidh, Séamus Begley: The Bold Kerryman.