Labhair Éamonn Ó Cuív, T.D ar an gclár Tús Áite ar RTÉ Raidió na Gaeltachta faoin scéal a bhris le déanaí faoi mhaoiniú a bheith diúltaithe don ghrúpa cheoil Kneecap, cé gur faomhadh an t-airgead ag bord neamhspleách.
Tá tús spleodrach curtha ag an ngrúpa leis an mbliain agus iad fós ag ceiliúradh a mbua ag féile scannánaíochta Sundance don scannán atá bunaithe ar a saol go dtí seo, Kneecap.
Dúirt ceannaire an SDLP Colum Eastwood go bhféadfaí an cinneadh seo a bheith ag sárú choinníollacha Comhaontú Aoine an Chéasta agus tá ceisteanna curtha ag ionadaithe polaitiúla faoin gcinneadh conspóideach seo. Labhair Ó Cuív faoi chearta bunúsach an ghrúpa a mianta polaitiúla a chur in iúl tríd a gcuid ceoil, rud atá i dtiúin le spiorad Comhaontú Aoine an Chéasta.
Is féidir leat éisteacht le ball den ghrúpa Kneecap, Mo Chara, ag caint le Seán Rocks ar an gclár Arena ar RTÉ Radio One anseo
We need your consent to load this rte-player contentWe use rte-player to manage extra content that can set cookies on your device and collect data about your activity. Please review their details and accept them to load the content.Manage Preferences