skip to main content

Gradam saoil le bronnadh ar Thríona Ní Dhomhnaill

Tríona Ní Dhomhnaill
Tríona Ní Dhomhnaill

Tá ríméad ar RTÉ a fhógairt go dtabharfar aitheantas do Thríona Ní Dhomhnaill nuair a bhronnfar an Gradam Saoil uirthi ag an séú ceann de Ghradaim Ceoil Tíre RTÉ Radio 1 in Vicar Street, Baile Átha Cliath Dé Máirt an 27 Feabhra ag 7.45pm.

Tá Tríona Ní Dhomhnaill ar dhuine de na príomhoirfidigh ceoil thraidisiúnta agus tíre in Éirinn agus is cumadóir agus cumadóir amhrán í freisin a bhfuil clú agus cáil ar fud an domhain bainte amach aici.

Craolfar Gradaim Ceoil Tíre RTÉ Radio 1 beo ar RTÉ Radio 1 agus ar an RTÉ Radio App óna 8pm. Craolfar buaicphointí ó na Gradaim ar theilifís RTÉ One Dé Sathairn an 2 Márta 2024.

Bronnann Coiste Stiúrtha Feidhmiúcháin Ghradaim Ceoil Tíre RTÉ Radio 1 an Gradam Saoil gach bliain ar cheoltóir nó amhránaí atá fós beo agus a bhfuil go leor déanta acu ar mhaithe le ceol tíre na hÉireann thar thréimhse roinnt blianta. I measc na gceoltóirí ar bronnadh an Gradam Saoil orthu roimhe seo, tá Mary Black (2022), Christy Moore (2021), Steve Cooney (2020), Moya Brennan (2019) agus Andy Irvine (2018).

Éist anseo le Tríona ag caint ar an gclár Bladhaire ar RTÉ Raidió na Gaeltachta faoi Skara Brae ag teacht ar ais le chéile i mbliana anseo

We need your consent to load this rte-player contentWe use rte-player to manage extra content that can set cookies on your device and collect data about your activity. Please review their details and accept them to load the content.Manage Preferences

Is éard a dúirt Tríona Ní Dhomhnaill nuair a fuair sí amach go mbeidh an Gradam Saoil á bhronnadh uirthi: "Tá ríméad orm glacadh leis an ngradam seo do mo shaol sa cheol agus is mór an onóir dom é. Tá sé go hálainn agus is iontach an t-ardú croí é aitheantas a fháil ar an gcaoi seo agus táim fíorbhuíoch aitheantas speisialta an Ghradaim Saoil a fháil ó Ghradaim Ceoil Tíre RTÉ Radio 1."

Agus an gradam le bronnadh ar Thríona Ní Dhomhnaill, luaigh an Coiste Stiúrtha Feidhmiúcháin an tionchar a bhí aici, go háirithe, ar cheoltóirí eile – go mór mór amhránaithe agus seinnteoirí méarchláir – a rinne aithris uirthi.

Duine acu sin is ea Natalie Ní Chasaide – pianódóir agus seinnteoir méarchláir leis na Bonny Men – a raibh an méid seo le rá aici faoi Ghradam Saoil Thríona: "Is mór an tionchar a bhí ag Tríona orm agus mé ag fás aníos. Tá an chaoi a gcasann sí an-aitheanta, an-sainiúil agus an-fhoirfe. Tá a cuid ceoil nua-aimseartha agus iontach ach fós féin tá sé an-sean, ar nós go raibh sé ann riamh. Agus ar nós gur cheart go mbeadh sé ann go brách."

Dealraíonn sé gur oíche fhíorspeisialta a bheidh ann ar a ndéanfar ceiliúradh ar cheol tíre na hÉireann agus casfaidh Tríona Ní Dhomhnaill saothair óna gairm a théann siar níos mó ná caoga bliain. Ag seó na nGradam beidh taibhithe beo freisin ón réalta Muireann Bradley atá ag teacht chun cinn agus ón déagóir ar an bpíb uilleann, Sorcha Ní Scolaí a bhfuil tóir mhór uirthi, ó cheoltóirí agus amhránaithe a fuair ainmniúcháin lena n-áirítear Eoghan Ó Ceannabháin, Niamh Bury agus Bláth na hÓige, agus ó na réaltaí idirnáisiúnta Johnny McEvoy agus Rhiannon Giddens.

Bláth na hÓige

Déanfar an píobaire uilleann, amhránaí agus bailitheoir Séamus Ennis a ionduchtú i nDámhachtain na Laoch de chuid Ghradaim Ceoil Tíre RTÉ Radio 1 ar an oíche freisin. Beidh a mhac, Christopher Ennis, i measc na n-aíonna oinigh in Vicar Street ar an oíche.

Is é an láithreoir RTÉ John Creedon a chuirfidh an searmanas bronnta gradam i láthair arís os comhair lucht féachana beo.

Tá líon teoranta ticéad do Ghradaim Ceoil Tíre RTÉ Radio 1 fós ar fáil trí www.ticketmaster.ie agus €33.10 an costas atá orthu leis an táille áirithinte agus táille sheirbhíse san áireamh. Tá táille shaoráide €1 i gceist.

Éist anseo le clár speisialta a craoladh ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ag ceiliúradh Skara Brae, leathchéad bliain ar aghaidh ó seoladh an t-albam clúiteach

We need your consent to load this rte-player contentWe use rte-player to manage extra content that can set cookies on your device and collect data about your activity. Please review their details and accept them to load the content.Manage Preferences


Bíodh an nuacht is déanaí agat maidir le Gradaim Ceoil Tíre RTÉ Radio 1 trí RTÉ agus RTÉ Radio 1 a leanúint ar Twitter, Facebook agus Instagram agus an haischlib #rtefolkawards a úsáid agus trí bheith ag éisteacht le RTÉ Radio 1.

Mura mbeidh tú in ann a bheith linn in Vicar Street Dé Máirt an 27 Feabhra, éist leis an gclár beo ar RTÉ Radio 1 ag 8pm an tráthnóna sin, agus ná déan dearmad ar chlár teilifíse na mbuaicphointí ar RTÉ One Dé Sathairn an 2 Márta 2024.