skip to main content

Saoirse cainte agus cinneadh Rialtas na Breataine i leith Kneecap

Labhair Patsy McGlone, Comhalta den Tionól Reachtach agus Urlabhraí Gaeilge an SDLP ar an gclár Tús Áite ar RTÉ Raidió na Gaeltachta faoin gcinneadh atá tógtha ag Rialtas na Breataine gan deontas a cheadú don ghrúpa ceoil Kneecap tar éis don Bhord Measúchán Neamhspleách vótáil ar son an airgead sin a cheadú dóibh.

Dúirt Mc Glone gur ábhar imní dó é gur tógadh cinneadh neamhspleách airgead a thabhairt do Kneecap le dul ar thuras cheoil ar Mheiriceá Thuaidh ach go ndeachaigh Rialtas na Breataine i gcoinne an chinneadh sin mar nár thaitin an ealaíon atá ar bun ag an ngrúpa leo. Tá saoirse cainte agus ealaíne tábhachtach in aon sochaí agus cé nach dlíodóir é, mhol Mc Glone do Kneecap comhairle dlí a lorg i leith an deontais.

A spokesperson for UK Business/Trade Secretary, Kemi Badenoch: "We fully support freedom of speech, but it's hardly surprising that we don't want to hand out UK tax money to people that oppose the United Kingdom itself."

Tá Mc Glone den tuairim gur cinsireacht de shaghas éigin é an cinneadh a rinneadh bord neamhspleách a dhiúltiú agus 'daonlathas in ainm agus a bhí i réim' sa Bhreatain.