Labhair Adhna Ní Bhraonain, OCP an ghrúpa Bánú ar an gclár Iris Aniar ar RTÉ Raidió na Gaeilge faoin ngrúpa Bánú a bhfuil dlúthbhaint aici leis a bhfuil sé mar aidhm acu aghaidh a thabhairt ar na dúshláin atá roimh mhuintir na Gaeltachta tithe a thógáil sa Ghaeltacht.
Deir Ní Bhraonáin go bhfuil an grúpa ag tógáil chéimeanna beaga ó tháinig siad le chéile don chéad uair agus ag díriú ar roinnt mhaith gnéithe éagsúla den fhadhb. Tá cruinnuithe lorgtha ag an ngrúpa le Airí Rialtais le labhairt leo faoin bhfadhb seo ach deir Adhna nár tharla sin go fóill.
Deir Ní Bhraonáin go bhfuil siad ag tosú 'ag tosú go háitiúil' agus gur éirigh leo bualadh le ionadaithe ó Údarás na Gaeltachta agus ón An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán go dtí seo. Tá súil ag Adhna agus an grúpa Bánú go mbeidh siad in ann a bheith ag obair 'as lámh a chéile' go luath.
Tá oíche cheoil á heagrú ag an ngrúpa i gConamara Dé hAoine beag seo agus léireoidh an oíche seo nach an teanga amháin a bheidh bánaithe mura dtagann réiteach ar an bhfadhb seo ach cúrsaí cultúrtha freisin.