skip to main content

Tá daoine óga ag iarraidh a gcuid Gaeilge a úsáid: Gráinne Seoige

Labhair Gráinne Seoige ar an gclár Iris Aniar ar RTÉ Raidió na Gaeltachta faoina ról nua mar Ambasadóir do Sheachtain na Gaeilge le Energia i mbliana agus tábhacht na féile i gcomhthéacs chultúr na hÉireann.

Dúirt Gráinne go raibh sí 'fíorbhródúil' gur roghnaíodh í mar ambasadóir don fhéile agus gur shíl sí go raibh sé in am an Ghaeilge a thabhairt isteach mar chuid den mhórcheiliúradh a dhéantar i mí na Márta go hidirnáisiúnta. Dúirt sí gur cheap sí go mbíodh an Ghaeilge imeallaithe ach go raibh Seachtain na Gaeilge ag déanamh an-obair ag athrú na taoide air seo.

Cé go maireann Seachtain na Gaeilge níos mó ná coicíos, deir Gráinne go mbíonn díomá uirthi nuair a chuirtear deireadh leis na iarrachtaí breise a bhíonn ar bun le linn na féile. Tá sí dóchasach go n-athróidh an scéal seo mar go bhfuil an oiread daoine óga atá ag iarraidh a gcuid Gaeilge a úsáid lasmuigh de Seachtain na Gaeilge.

Ag caint ar dhul chun cinn na Gaeilge le roinnt blianta anuas, deir Gráinne go bhfuil athrú suntasach tagtha ar stádas agus an meon i leith na teanga. Molann Seoige TG4 agus gluaiseacht na Gaelscolaíocht ach go háirithe as an athrú seo, i gcathair na Gaillimhe, deir sí go mbeidh muintir na Gaeltachta á labhairt eatharthu féin, go beag ach anois go mbíonn fonn ar dhaoine an Ghaeilge atá acu a úsáid.

Ag caint ar an nGaeilge atá ag daoine óga, deir Gráinne gurb iad na daoine todhchaí na teanga agus go gcaithfidh muid glacadh leis go mbeidh meascán canúintí acu, mar sin mar a fhoghlaimítear an teanga anois.

Tosaíonn Seachtain na Gaeilge le Energia ar an 1 Márta agus is féidir tuilleadh eolais a fháil faoin bhféile anseo.