Teastaíonn ón Taibhdhearc, Amharclann Náisiúnta na Gaeilge, cur lena Bord deonach Stiúrthóirí le daoine atá díograiseach agus cruthaitheach agus a bhfuil a gcroí i bhforbairt na hamharclannaíochta Gaeilge.
Is gearr go mbeidh an institiúid cultúir íocónach Gaeilge seo, An Taibhdhearc, céad bliain ar an bhfód agus tá áit shuntasach agus ar leith ag an Amharclann i samhlaíocht cainteoirí Gaeilge ar fud oileán na hÉireann agus ar fud an domhain ó bunaíodh í sa bhliain 1928.
Teastaíonn ón mBord Cisteoir a earcú, dá bhrí sin, cuirfear fáilte roimh iarratais ó iarratasóirí a bhfuil scileanna cuntasaíochta agus/nó scileanna i bpleanáil airgeadais acu. Áirítear duine nó beirt eile don Bord freisin agus teastaíonn na scileanna seo ón mBord, scileanna margaíochta agus cumarsáide, scileanna i bhforbairt gnó, agus sa dlí.
Mar sin féin, spreagtar gach duine a bhfuil spéis acu ann iarratas a chur faoi bhráid mar go gcuireann réimse leathan scileanna agus taithí go mór leis an mBord. Is ceithre bliana tréimhse an téarma agus tagann an bord le chéile sé huaire sa bhliain do na cruinnithe Boird.
"Áit ar leith í an Taibhdhearc a bhfuil an draíocht ina cuid ballaí. Is iontach an phribhléid é agus is freagracht mhór é a bheith i do choimeádaí ar a leithéid d'institiúid chultúir thábhachtach agus táimid ag tnúth go mór le fáilte a chur roimh níos mó daoine ar an mBord, daoine ar mian leo an phribhléid agus an fhreagracht seo a roinnt linn." An Dr Siobhán Nic Fhlannchadha, Cathaoirleach.
Iarrtar ar dhaoine a bhfuil spéis acu ann Curriculum Vitae (CV) agus litir chumhdaigh aon leathanach amháin a chur faoi bhráid ina ndéantar cur síos ar a dtaithí agus ar a scileanna ábhartha, mar aon leis na cúiseanna ar mhaith leis/léi a bheith ar bhord na Taibhdheirce. Ba chóir iarratais a sheoladh ar ríomhphost chuig siobhan@antaibhdhearc.com faoi am scoir gnó, Déardaoin an 29 Feabhra 2024. Faigh na teastálacha d'iarrthóirí ar suíomh idirlíne na Taibhdheirce anseo.
Is Bord comhdheiseanna é Bord na Taibhdheirce agus fáiltítear roimh iarratais ó gach aicme den phobal.
An Taibhdhearc, the National Irish Language Theatre, is seeking to expand its voluntary board of Directors with dedicated, enthusiastic, and creative persons who share a passion for Irish language theatre development.
An iconic Irish language cultural institution, An Taibhdhearc is close to reaching its centenary milestone and it has held a significant and special place in the imagination of Irish speakers across the island of Ireland and the world, since its foundation in 1928. From its renowned home in the heart of the bilingual city of Galway, An Taibhdhearc has created and supported artistic endeavour across a myriad of artforms attracting recognition at home and abroad.
New Board members are being invited to join an already dynamic and progressive board. Invitations are extended to interested persons from across the island of Ireland and internationally. The ability to conduct all Board business through the Irish language is a requirement, as is some level of experience in the arts sector.
The Board seeks to recruit a Treasurer, therefore applicants with skills in accountancy and/or financial planning are welcome. Board members with skills in the areas of marketing and communications, business development and law or a combination of such skillsets are also sought for the Board of An Taibhdhearc.
Nevertheless, all interested people are encouraged to apply as a wide range of skills and experience enrich the Board. The length of term is four years with an annual schedule of six board meetings.
"An Taibhdhearc is a special place with magic in the walls. It is a great privilege and a great responsibility to be the custodians of such an important cultural institution, and we look forward to welcoming onto the Board more people who want to share this privilege and responsibility." Dr Siobhán Nic Fhlannchadha, Chairperson.
Interested parties are asked to submit a CV and one-page cover letter outlining their relevant experience and skills, as well as reasons for wanting to join the board of An Taibhdhearc. Applications should be emailed to siobhan@antaibhdhearc.com by close of business on Thursday 29 February 2024. The requirements for Board Member applicants can be found on the An Taibhdhearc website here.
The Board of An Taibhdhearc is an equal opportunities Board and applications from all sections of the community are welcome.