skip to main content

Oidhreacht pholaitiúil an Taoisigh, John Bruton

Labhair Alan Dukes, Iarcheannaire Fhine Gael ar an gclár Nuacht a hAon ar RTÉ Raidió na Gaeltachta mar gheall ar an bhfear agus an rian a d'fhág sé ar pholaitíocht na hÉireann.

Bhí John Bruton 76 bliain d'aois. Bhí sé ina cheannaire ar Fhine Gael ó 1990 go 2001 agus é ina Thaoiseach ó 1994 go 1997.

Chuir Dukes síos ar John Bruton mar fhear 'ionraic, macánta agus bríomhar'. Luaigh sé go raibh meon ana-bhríomhar aige agus go mbíodh fonn i gcónaí air iniúchadh a dhéanamh ar réitigh nua ar fhadhbanna na linne. D'fhéadfadh sé a bheith borb mar go raibh an oiread fuadair faoi ag iarraidh dúshláin a shárú, ar uairibh.

We need your consent to load this rte-player contentWe use rte-player to manage extra content that can set cookies on your device and collect data about your activity. Please review their details and accept them to load the content.Manage Preferences

'Smaointeoir doimhin' ab ea Bruton a dúirt sé, a raibh 'ardmheas air ar gach taobh de Theach Laighdean'. Bhí mí-ádh air ina shaol polaitiúil freisin nuair a thug sé cáináisnéis isteach agus é ina Aire Airgeadais sna 80í nuair a ghearr sé cáin ar bhróga páistí agus thit an rialtas mar gheall ar an gcinneadh seo.

Luaigh Dukes go mbíodh sé féin agus Bruton i gcoimhlint lena chéile ar uairibh ach go raibh meas acu ar a chéile agus gur duine é a ghlac le comhréitigh a tháinig aníos.