Labhair DJ Próvaí ar an gclár Barrscéalta ar RTÉ Raidió na Gaeltachta mar gheall ar an scannán a bhain gradam an lucht féachana ag féile Sundance.
Dúirt DJ Próvaí go bhfuil an banna ceoil ar mhuin na muice le tamall anuas agus iad ag cruthú ceoil agus conspóide a thaitníonn go mór le daoine. Dár ndóigh, ní thaitníonn stíl an bhanna ceoil le gach duine, an DUP ach go háirithe agus ghabh DJ Próvaí buíochas speisialta leis an bpáirtí polaitíochta a choinníonn sna nuachtáin iad go minic agus iad ag tabhairt amach futhu.
Labhair DJ Próvaí faoi phróiséas na scríbhneoireachta agus iad ag insint scéalta a saoil dóibh siúd a bhí i mbun léirithe ach gur thóg sé i bhfad orthu an scriopta a thabhairt le chéile mar go raibh an oiread ragairne agus craic ar siúl le linn na seisiún seo. Níl aon bhuairt ar an mbanna faoi mar a ghlacfaidh na teaghlaigh leis an scannán mar go bhfuil 'fhios acu gur leagan bréagach é seo don saol atá acu.
Tá an banna ceoil in Londain faoi láthair agus iad ag taifead an dara halbam, cé nach bhfuil an chéad cheann eisithe go fóill, tá rachairt mhór ar a gcuid ceoil ní hamháin in Éirinn ach timpeall an domhain freisin.
Ghabh DJ Próvaí buíochas le muintir na Gaeltachta i nDún na nGall, ach go háirithe an craoltóir, Rónán Mac Aodha Bhuí, nach maireann as an spreagadh a fuair sé dul i mbun cheoil agus deir sé gur tháinig an grúpa le chéile mar gheall ar an gceol i nGaeilge agus go bhfuil a shaol athraithe ó bhonn dá réir.
Áine Marie Ní Chonghaile, a teacher in Coláiste Feirste in West Belfast spoke to Oliver Callan about the huge success of the band, Kneecap since they sat in her French class a few years ago. She said both Mo Chara and Móglaí Bap are 'lovely lads' who have achieved so much, promoting the Irish language all over the world.
Their families and the school are so proud of what they have done for music in the Irish language and she assures Oliver they are very well brought up young men, contrary to what Ian Paisley Jnr says about them.