skip to main content

Léamh an chailín óig ar Lá Fhéile Bríde

Scríobhann Katie Whelan faoi thábhacht na Féile Bríde in Éirinn ag dul siar ó Bhailiúchán na Scol, áit ar caomhnaíodh nósanna agus béaloideas na hÉireann a bhí i gcuimhne na bpáistí ag an am.

Dáta mór san fhéilire Éireananch is ea an chéad lá de mhí Feabhra, is é sin Lá Fhéile Bríde. Lá é seo a dhéanann ceiliúradh ar an Naomh ar a dtugtar 'Muire na nGael' uirthi. Tá cáil an lae áirithe seo méadaithe le blianta beaga anuas agus ceiliúradh déanta ar an lá mar lá saoire bainc den chéad uair in 2023.

Ach tá an Naomh seo á cheiliúradh le fada an lá, mar a léiríodh i mBailiúchán na Scol, cnuasach béaloidis a bhailigh páistí bunscoile in Éirinn sna 1930í. Feachtas náisiúnta le scéalta béaloidis, ginealais agus áitiúla a bhailiú agus a chaomhnú ar feadh na mblianta ab ea Bailiúchán na Scol. Tá ábhar an chnuasaigh ar fad bailithe anois ag Cnuasach Bhéaloideas Éireann UCD agus fáil ag an bpobal ar an ábhar uile ag duchas.ie.

Is iomaí ábhar atá le fáil sa bhailiúchán, idir téarmaíocht shainiúil a bhaineann leis an aimsir, dánta, gearrscéalta agus cuntais éagsúla ar sheanchleachtais sochraide na nGael, gan ach a bheagán a lua. Bhailigh na páistí na scéalta ó thuismitheoirí, ó sheanthuismitheoirí agus ó chairde sa cheantar mágairid, agus chuir peann le pár ansin ina seomraí ranga ar scoil leis na scéalta sin a chaomhnú go brách. Is caipéisí ríthábhachtacha iad a thugann léargas dúinn ar shaol agus ar mheoin na ndaoine a tháinig romhainn.

We need your consent to load this rte-player contentWe use rte-player to manage extra content that can set cookies on your device and collect data about your activity. Please review their details and accept them to load the content.Manage Preferences


Féachfar mar sin ar iontráil dialainne chailín óg bunscoile ó Inis Meáin, Contae na Gaillimhe ar scéal Lá Fhéile Bríde. Mar a tharlaíonn sé Bhrighid Ní Choinceanainn ab ainm di, agus nós comónta na nGael, is é sin a bpáistí a ainmniú as naoimh, le haithint go follasach!

Mhaígh sí ina hiontrail ar an 12 Aibreán 1938 go raibh Lá Fhéile Bríde mar "an chéad lá de’n Earrach agus bíonn áthas ar gach duine". Nuair a chuimhnítear ar cheantar dúchais an chailín óig, Iarthar na hÉireann, ní haon ionadh go mbíonn sí ag tnúth go mór le Lá Fhéile Bríde leis an lá ag dul chun síneadh agus "cuma an tsamhraidh ag teacht ar an aimsir".

Is féidir tuilleadh a léamh ó dhialann Bhrighid Ní Choincheannain ag an nasc seo:

https://www.duchas.ie/en/cbes/5235s142/5221877