skip to main content

Deis oibre le RTÉ Raidió na Gaeltachta i gCorca Dhuibhne

Cuireann RTÉ Raidió na Gaeltachta seirbhís chuimsitheach raidió ar fáil do phobal na Gaeltachta agus na Gaeilge. Sna mórcheantair Ghaeltachta atá príomh stiúideonna na seirbhíse lonnaithe, agus i gCeannáras Raidió RTÉ i nDomhnach Broc, Baile Átha Cliath.

Tá folúntas do Chlár Reachtaire againn i mBaile na nGall i gCo. Chiarraí faoi láthair. Oibríonn an Clár Reachtaire i bpáirt le meitheal léiriúcháin, teicneolaíochta agus bainistíochta le seirbhís raidió den chéad scoth a chur ar fáil don phobal éisteachta.I measc na ndualgas a bheidh ar an gClár Reachtaire, beidh:

Taighde, léiriú agus láithriú ar chláir agus feasacháin i réimsí éagsúla

Obair iriseoireachta agus tuairisciú

Cóip nuachta a scríobh, a aistriú agus eagarthóireacht a dhéanamh orthu

Agallaimh agus píosaí fuaime a thaifead sa stiúideo agus ar láithreacha seachtracha eile

Eagarthóireacht a dhéanamh ar phíosaí fuaime atá réamhthaifeadta

Tá muid ag lorg daoine leis na tréithe seo a leanas:

Gaeilge den scoth, idir scríobh agus labhairt

Taithí chraoltóireachta nó iriseoireachta

Tuiscint faoi leith ar chultúr agus polaitíocht na tíre, ar phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta

Cruthaitheacht, fiosracht agus samhlaíocht

Tuiscint ar an nuacht agus an cumas chun breith stuama eagarthóireachta a thabhairt

Scileanna eagrúcháin agus cumarsáide den scoth agus a bheith in ann oibriú as a stuaim féin nó mar chuid d'fhoireann léiriúcháin

Scil agus spéis in úsáid a bhaint as na meáin shóisialta chun críche nuachta, chun ábhar a sheachadadh agus cur leis an lucht éisteachta

Suim agus eolas acu faoin tseirbhís a chuireann RTÉ Raidió na Gaeltachta ar fáil don phobal

Beidh solúbthacht agus uaireanta neamhrialta i gceist, an deireadh seachtaine agus laethanta saoire poiblí san áireamh. D’fhéadfadh sé go mbeadh taisteal i gceist ó am go chéile ag brath ar na dualgais oibre. Is í an Ghaeilge teanga oibre agus craoltóireachta na seirbhíse.

Cuirfear traenáil ar fáil de réir mar a theastaíonn.Beidh an post á thairiscint mar cheapachán lánaimseartha ar bhonn leanúnach le scála tuarastail

Clár Reachtaire is é sin €49,448 go €66,257 sa bhliain. Iarrtar ar iarrthóirí Curriculum Vitae a chur ar aghaidh chomh maith le litir chumhdaigh. Ba chóir píosa 500 focal a bheith sa litir chumhdaigh a dhéanann cur síos ar na cúiseanna gur mhaith leat a bheith ina Chlár Reachtaire agus an méid gur mhaith leat a bhaint amach sa ról.

Ní mór an dá cháipéis a bheith i nGaeilge, agus iad a bheith mar chomhad amháin mar chuid den iarratas ar líne. Is é an spriocdháta i gcomhair iarratais ná Dé Céadaoin, an 7ú Feabhra 2024, ag a 5i.n.

Tá RTÉ tiomanta don éagsúlacht ina lucht saothair agus fáiltíonn roimh iarratais ó dhaoine a bhfuil cúlraí éagsúla acu. Fostóir comhionannais deise é RTÉ agus déantar iarratais cáilithe a mheas gan beann ar inscne, gnéas chlaonadh, aois, taithí shóisialta, cine agus eitneacht, éagumas, stádas sibhialta an teaghlaigh, creideamh ná ballraíocht den Lucht Siúil.

Gach eolas ar fáil anseo