skip to main content

Bua ag comharthaíocht dhátheangach: Siombalach agus stairiúil

Tugadh cás stairiúil os comhair cúirte an tseachtain seo le comharthaí dátheangacha, Béarla agus Gaeilge a thabhairt isteach i mbaile Aontroma agus Baile Nua na Mainistreach. Labhair Conchúr Ó Muadaigh ar an gclár Adhmhaidin faoin mbua tábhachtach seo.

Tá sé socraithe ag an Rialtas áitiúil i gComhairle baile Aontroma agus Bhaile Nua na Mainistreach go mbeidh deis logainmneacha a chuir i nGaeilge agus i mBéarla sa gceantar. Tá Conradh na Gaeilge ag obair ar an gcás seo a réiteach le 6 bliana anuas.

Dúirt Ó Muadaigh go raibh bac leanúnach curtha ar chearta teanga sa cheantar seo agus go léiríonn an bua stairiúil seo gur fiú dua a chaitheamh le cásanna dá leithéid agus dul chun na cúirte.

Is léiriú 'siombalach agus stairiúil' é seo dóibh siúd atá ag plé le cásanna mar seo agus na daoine atá míshásta le polasaithe aonteangacha. Ciallaíonn an bhua seo go mbeidh an Ghaeilge le feiceáil ag pobal na Gaeilge timpeall an cheantair.

Níl aon pholasaí aontaithe maidir le logainmneacha i dTuaisceart Éireann agus brathann an cinneadh seo ar an áit a bhfuil cónaí ort, a deir Ó Muadaigh, rud nach bhfuil sásúil.

Dár ndóigh, ní raibh aon fheidhmeannas i dTuaisceart Éireann le dul i ngleic le reachtaíocht ar bith, reachtaíocht teanga ina measc ach deir Ó Muadaigh go mbeidh Conradh na Gaeilge ag coinneáil súil ghéar ar dhul chun cinn na reachtaíochta seo nuair a bheidh an feidhmeannas sin ar ais ag obair go luath, is cosúil. Tá straitéis 20 bliain le cur i bhfeidhm chomh maidir le Coimisinéir Teanga le ceapadh i measc na hoibre atá le déanamh le cinntiú go gcosnófaí an Ghaeilge ó thuaidh, a deir sé.