skip to main content

Marú Inár Measc- sraith coirscéalta fírinneacha

Cé chomh fada is a thógann sé ar dhúnmharfóir a bheith den tuairim go bhfuil ligthe leis i ndiaidh a bhirt mhillteanaigh? Cén chaoi a n-éiríonn le teaghlach nó le pobal leanúint orthu leis an saol agus fios acu go bhféadfadh dúnmharfóir a bheith ina measc?

Seo chugaibh an ceathrú sraith de MARÚ INÁR MEASC, sraith faisnéise trí chuid bunaithe ar choirscéalta fírinneacha le Midas Productions do TG4, ina dtugtar léargas ar an tionchar a imríonn coireanna marfacha ar an tsochaí, ar phobail agus ar theaghlach an íospartaigh nuair nach bhfuil aon réiteach ceart ar an gcás.

Déanfar míreanna faisnéise breathnaitheacha a chumasc le príomhfhianaisí ó na daoine a bhfuil an tragóid fós ag dul i gcion go mór orthu. Tabharfar léargas i ngach clár faisnéise ar an gcaoi a leanann teaghlaigh atá faoi scáth an bhróin, duine muinteartha agus na pobail ina bhfuil cónaí orthu ar aghaidh leis an saol agus leis an bhfeachtas ar son an chirt na cásanna a choinneáil beo agus i mbéal an phobail.

Tabharfaidh na cuntais fhíorphearsanta seo léargas ar an tionchar a bhíonn ag na coireanna seo ar dhaoine, ar an teaghlach, ar dhaoine muinteartha agus ar an bpobal ar fad.

Mar chuid freisin den tsraith áireofar agallaimh leis na Gardaí a raibh baint acu leis an gcás; an chéad dream ar an láthair agus iadsan a chur agallamh ag an am ar an té a rinne an choir, beidh agallaimh an-phearsanta sa tsraith le muintir agus le cairde na ndaoine a dúnmharaíodh agus iad ag leanúint leis an bhfeachtas ar son an chirt go dtí an lá atá inniu ann.

Is í Doireann Ní Bhriain a bheidh i mbun tráchtaireachta ar Marú inár Measc. Áirítear sa tsraith agallaimh leis an saineolaí cúraim shóisialta, an Dr. Patrick McGarty, leis an iar-bhleachtaire Brendan Murphy agus le hurlabhraí Support After Homicide Rita O'Quigley chomh maith le hagallaimh le neart iriseoirí agus saineolaithe mór le rá eile.

Ní fhéadfaí an tsraith seo a dhéanamh gan comhoibriú a bheith faighte againn ó gach teaghlach agus duine muinteartha a roinn a scéal féin linn agus a thug cead dúinn míreanna a thaifeadadh leo, ar phribhléid é.

I gClár 1, a bheidh le craoladh ar an 31 Eanáir 2024, tabharfar chun cuimhne dúnmharú tragóideach Jennifer Poole. 24 bliain d’aois a bhí Jennifer agus bhí beirt chlainne aici. Dhúnmharaigh a hiar-bhuachaill, Gavin Murphy, í ina hárasán i bhFionnghlas, Baile Átha Cliath ar an 17 Aibreán 2021. Ní raibh a fhios ag Jennifer áfach go raibh trí chiontú dhéag ag Gavin Murphy nuair a casadh uirthi é. Leag a bás béim ar an ardú a bhí ag teacht ar chásanna foréigin baile le linn phaindéim Covid 19. Féachtar sa chlár seo ar an bhfeachtasaíocht leanúnach atá ar bun ag teaghlach Jennifer Poole chun béim a leagan ar dhrochíde teaghlaigh i gcaidrimh agus ar an stocaireacht atá siad a dhéanamh d’acht nua 'Dlí Jennie’, clár le haghaidh mí-úsáideoirí teaghlaigh.

Jennifer Poole

I gClár 2, a bheidh le craoladh ar an 7 Feabhra 2024, labhrófar le teaghlach an iar-mhainicín Lisa Doyle, a bhí 24 bliana d’aois, ar thacht an fear a raibh sí geallta leis, Gerard O’Hara, le barriall í i Leithghlinn an Droichid, Co. Cheatharlach ar an 20 Meán Fómhair 2009. Bhain dúnmharú Lisa corraí as an bpobal fad a bhí a teaghlach ag iarraidh meabhair a bhaint as an méid a bhí tarlaithe. Tuigeann teaghlach Lisa anois go raibh a ndeirfiúr ag maireachtáil faoi smacht comhéigneach agus tá súil acu nach mbeidh ar aon duine fulaingt go brách ar an gcaoi a mbíodh a ndeirfiúr ag fulaingt. Taispeánfar freisin an cúnamh atá ar fáil do theaghlaigh a mbíonn orthu dul i ngleic leis an mbás tobann agus trámach.

I gClár 3, a bheidh le craoladh ar an 14 Feabhra 2024, tabharfar dúnmharú brúidiúil Daniel McAnaspie a bhí 17 mbliana chun cuimhne. Ba iad Trevor Noone agus Richard Dekker a dhúnmharaigh Daniel go brúidiúil le deimheas gairdín ar an 26 Feabhra 2010. Tháinig feirmeoir ar a chorp trí mhí ina dhiaidh sin i nGleann na Tulchann. Ba é Daniel, an chéad leanbh a bhfuiltear ar an eolas faoi, a dúnmharaíodh fad is a bhí sé faoi chúram Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte agus d’ardaigh an cás ceisteanna faoi na freagrachtaí atá ar an Stát i leith daoine atá faoina chúram. Bhain triail dhúnmharú Daniel cáil amach nuair a cuireadh Richard Dekker ar a thriail faoi dhó faoin gcoir chéanna agus chuaigh an cás ar aghaidh go dtí an Chúirt Uachtarach. Tá teaghlach Daniel fós ag troid ar a shon.

Tá an podchraoladh Marú Inár Measc cruthaithe ag Midas Productions agus ag TG4 le dul leis an gclár teilifíse agus fiosraítear ann an tionchar sochaíoch a bhí ag gach aon chás. Is féidir éisteacht leis an bpodchraoladh ar gach mór-ardán podchraoltaí.

Ag tosú, 9.30pm, Dé Céadaoin an 31 Eanáir 2024, ar TG4