skip to main content

Éist siar le Bonn Óir Seán Ó Riada

Ba í Éimhear Flannery as Seipéal na Carraige atá suite i gcroílár Shliabh Luachra a thug léi Bonn Óir Seán Ó Riada in Óstán an Rochestown Park i gCorcaigh ar an Aoine. Tá sí ag seinm ceoil ó bhí sí 3 bliana d'aois.

Bhí 15 iomaitheoir san iomaíocht sa chraobh do Bhonn Óir Seán Ó Riada i gCorcaigh ar an 26 Eanáir. Ba í an fheadóg mhór agus an fheadóg stáin an dá uirlis a raibh an comórtas dírithe air i mbliana.

Is iad na ceoltóirí iomráiteacha Mary Bergin, Rev. Gary Hastings agus Conal Ó Gráda a bhí i mbun moltóireachta i mbliana.

Buaiteoir na bliana seo, Éimhear Flannery

Is iad na hiomaitheoirí i mbliana: Caoilte Mac Muiris as Ráth Fearnáin in Átha Cliath, Conor Mc Donagh as Cill Fhábhail i Sligeach, David Nesbitt as Brí Chualann, i gCill Mhantáin, Donnchadh Mac Aodha as Dún Dealgán i gCo. Lú, Éabha Ní Mhurchú as Na hUamhanna i gCorcaigh, Éimhear Flannery as Séipéal na Carraige, Co. Chorcaí, Ellen de Búrca as Cill na Martra, Co. Chorcaí, Frankie Mac Aodha as Indreabhán i gCo. na Gaillimhe, Gormfhlaith Ní Shíocháin Ní Bheoláin as Mainistir Fhear Maí i gCorcaigh, Seosamh Ó Baoighill as Buiríos Ó Luigheach i dTiobraid Árann, Kerrianne McArdle as Dún Dealgan i gCo. Lú, Maitiú Ó Riain as Inis, Co. an Chláir, Molly Pittendrigh as An Clochar / Baile an Tobair i Maigh Eo, Nicole Ní Dhubhshláine as an nGráig i gCiarraí agus Seamus Noonan as Boston.