Scríobhann Katie Whelan mar gheall ar a taithí mar intéirneach de chuid RTÉ a d'oibrigh fud fad na heagraíochta.
Tá fáilte roimh iarratais do Chlár Intéirneachta RTÉ 2024 faoi láthair agus mar dhuine den triúr intéirneach Gaeilge a bhí ar an gclár anuraidh, táim anseo le léargas a thabhairt ar an gclár do dhuine ar bith a bhfuil sé ar intinn acu iarratas a sheoladh isteach!
Chaith mé sé mhí mar intéirneach RTÉ anuraidh agus bhain mé idir thairbhe agus taitneamh as. Cruthaíodh go leor deiseanna le linn na tréimhse dom, ina measc deiseanna taobh thiar agus os a chomhair an cheamara, chomh maith le míreanna raidió a chur i láthair agus ábhar a scríobh do na meáin shóisialta. D'fhoghlaim mé scileanna nua, d’fhorbair mé mar chumarsáidí agus d’fhás mé mar dhuine.
Taifead ar an taithí
Cuireadh tús leis an intéirneacht i mí Bealtaine anuraidh le trí seachtaine traenála ar an láthair in RTÉ chun muid a ullmhú don obair a bhí le teacht. Chomh maith leis an triúr intéirneach Gaeilge, bhí dáréag intéirneach eile ar an gclár intéirneachta a bheadh ag obair sna rannóga éagsúla a bhain le craoltóireacht Bhéarla an stáisiúin, ina measc: Radio 1, Teicneolaíocht, Cúrsaí Reatha, Tráchtáil, Spórt, na Meáin Shóisialta, an tSaotharlann (The Lab) agus an RTÉ Player. Bheadh na hintéirnigh Ghaeilge ag plé go sonrach le Raidió na Gaeltachta, Nuacht RTÉ TG4 agus Cláracha Gaeilge.
Ar chlár na bliana seo, beidh intéirneach amháin ag obair do Chláracha Gaeilge i nDomhnach Broc don tréimhse ina iomláine agus beidh beirt eile de na hintéirnigh, i gcomhar le hÚdarás na Gaeltachta, lonnaithe sa Ghaeltacht agus beidh siad ag obair do Nuacht RTÉ TG4 agus Raidió na Gaeltachta.
Bhí an-éagsúlacht i measc na n-intéirneach ó thaobh cúlraí agus cultúr de, ach tugadh an deis dúinn sna seachtainí traenála ionannú a dhéanamh lena chéile maidir leis na spéiseanna comónta a bhí againn. Chaitheamar na seachtainí seo i gceannáras RTÉ ag cur aithne ar a chéile, ag freastal ar cheardlanna praiticiúla, agus ag tabhairt faoi chúrsaí ar líne maidir le scileanna agus treoirlínte iriseoireachta.
Clúdaíodh san oiliúint chuimsitheach seo cruthú ábhair, teicnící léirithe, scéalaíocht dhig-iteach, smaointe a spreagadh agus scileanna a chur i láthair. Bhí na trí seachtaine traenála seo mar bhunchloch shocair le togáil uirthi sna míonna a lean.
Cláracha Gaeilge
Ag tús mhí an Mheithimh ansin, thugamar aghaidh ar ár róil nua mar intéirneach i réimsí éag-súla na heagraíochta. Thosaigh mise i gCláracha Gaeilge i gceannáras an chraoltóra i nDomhnach Broc, áit ar chaith mé trí mhí ag obair leis an bhfoireann ar chláracha faisnéise éagsúla – an tsraith iomráiteach, Scannal, ina measc. Tugadh go leor freagrachtaí éagsúla dom agus mé ag obair le Cláracha Gaeilge – cúraimí riaracháin, tograí taighde, taithí ar an seit, chomh maith le deiseanna rialta 'pitseáil’ a dhéanamh – scéalta nua a aimsiú, a fhorbairt agus a chur faoi bhráid na foirne.
Cé go raibh beagáinín taithí agam a bheith ag plé leis an raidió, ní raibh cur amach ar bith agam ar chúrsaí teilifíse. Bhí an t-ádh liom go raibh an fhoireann chomh foighneach sin liom agus d’fhreagair siad gach ceist a bhí agam (bhí go leor). Bhí sé mar bhuntáiste freisin raibh mé ag plé le cláracha faisnéise i dtosach, i gcomparáid le cláracha beo, laethúla, nach bhfuil an méid céanna spáis ann, b’fhéidir, leis na ceisteanna seo a chur. D’fhág mé Domhnach Broc i mí Lúnasa le stór focal úr, scileanna nua agus tuiscint níos doimhne ar na meáin chraolta.
Siar go Conamara
Ní hé go raibh deireadh le m’intéirneacht ag an bpointe seo áfach, bhí an dara leath de mo thréimhse ar an gclár le bheith lonnaithe i mBaile na hAbhann, Co. na Gaillimhe le NUACHT RTÉ le TG4, agus an clár cúrsaí reatha, 7LÁ. I gcás Nuacht is clár laethúil é (trí fheasachán éagsúla in aghaidh an lae), agus craoltar 7LÁ gach oíche Máirt ar TG4, mar sin bhí níos mó práinne i gceist le mo ról mar intéirneach thiar. Bhí na laethanta gnóthach agus lán go béal,
agus bhí sé iontach taithí a fháil ‘ar an úrlár’ agus cláracha beo a fheiceáil á gcraoladh os mo chomhair amach. D’fhoghlaim mé conas script a scríobh, conas eagarthóireacht físe a dhéa-namh ar na córais AVID agus Clipper, agus bhí na léitheoirí nuachta, na léiritheoirí agus na láithreoirí fial flathúil lena saineolas a roinnt maidir le scileanna láithreoireachta. Tugadh an deis dom roinnt taistil a dhéanamh mar chuid den tréimhse seo chomh maith, agus d’oibrigh mé ag Oireachtas na Samhna le Nuacht, 7LÁ agus Raidió na Gaeltachta – bhí mé gnóthach!
Mar a bhí i mBaile Átha Cliath, bhí an fhoireann sa seomra nuachta agus in oifigí 7LÁ an-tacúil go deo. Do dhuine nár tógadh le Gaeilge iad, bhraith mé gur chuidigh mo chuid ama i mBaile na hAbhann liom tuilleadh aithne a chur ar dhaoine agus cuir le mo líonra teagmhálaithe. Nuair a bhí orm críochnú suas ag deireadh na hintéirneachta i lár mhí na Samhna, ghoill sé go mór orm slán a fhágáil leis an áit agus leis an bhfoireann.
Táim thar a bheith buíoch as an deis seo a fháil, agus creidim go mór gur chuidigh sé liom taithí phraiticiúil a fháil i réimse na meán cumarsáide, gné a bhí ar iarraidh ó mo CV roimhe sin. Níl aon dabht ach go raibh mo chuid Gaeilge mar bhua bhreise agus mé ag obair le RTÉ, agus táim go mór in éad le héinne a n-éiríonn leo ar chlár na bliana seo. Níl sé ach ina thús!
Moltaí/Comhairle
Mholfainn na rudaí seo a leanas do dhuine ar bith atá ag tabhairt faoin intéirneacht le RTÉ, nó faoi intéirneacht ar bith!
· Bí ullmhaithe agus eagraithe
I gcás intéirneachta, is post é ach is ceacht foghlama leanúnach é chomh maith, mar sin mholfainn do dhuine ar bith atá le tabhairt faoi, a bheith ullmhaithe agus eagraithe do gach lá. Bíodh leabhar beag nótaí agus peann i do ghlac agat, glac nótaí de rud ar bith tábhachtach nó suntasach, agus bí réidh le deis ar bith a thapú ag an nóiméad deirneach, mar sin mar a tharlaíonn sé!
· Téigh ag fiach
Nuair a shroicheann tú an oifig, ardaigh do cheann, abair haigh le gach duine agus cuir ceis-teanna. Cruthaíodh go leor deiseanna le linn na tréimhse intéirneachta dom, deiseanna taobh thiar agus os a chomhair an cheamara ina measc, chomh maith le cuirí a bheith ar an raidió agus ábhar a scríobh do na meáin shóisialta. Tháinig an chuid is mó de na deiseanna seo ó lucht eagraithe na hintéirneachta, ach mholfainn d’intéirnigh a mbealach féin a dhéanamh chomh maith agus teagmháil a dhéanamh le daoine. I seimineár ar líne don intéirneacht Ghaeilge, mhol Ceannaire Raidió na Gaeltachta, Gearóid MacDonncha do hintéirnigh "dul ag fiach" ar na deiseanna atá uathu agus a gcosán féin a leagan. (Is féidir breathnú siar ar an seimineár Gaeilge ag an nasc seo
· Seas siar ón ollscoil.
Is post lánaimseartha í an intéirneacht Ghaeilge nach bhfuil feiliúnach do mhic léinn reatha. Bhí orm féin céim siar a ghlacadh ó mo chlár PhD le tabhairt faoin intéirneacht, ach b’fhiú go mór é. Thug sé an spás dom dírigh isteach ar an intéirneacht agus ar scileanna nua a fhoghlaim. Ní bheadh sé indéanta cúrsa ar bith a dhéanamh anuas ar dhualgais na n-in-téirneach.
Tugann Clár Intéirneachta RTÉ deis duit tús maith a chur le do ghairm i dtionscal na meán cumarsáide agus i dtionscal na cruthaitheachta. Cuir barr feabhais ar na scileanna riachtanacha sin agus comhoibrigh le criúnna agus foirne eisceachtúla RTÉ. Mholfainn do dhuine ar bith cuir isteach ar an gclár agus an deis seo a thapú.
Is é meán oíche Dé Luain an 5 Feabhra 2024 an dáta deiridh a nglacfar le hiarratais, agus is féidir tuilleadh eolais a fháil air ag an nasc seo