skip to main content

'He has a job, like everyone else' Cillian Murphy's father on his son's reluctant celebrity status

Cillian Murphy's father, Breandán, spoke about his son's first-time Oscar nomination on An Saol Ó Dheas on RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Dúirt Breandán gur buachaill beag gleoite ab ea Cillian riamh agus go raibh spéis aige i gcúrsaí aisteoireachta agus samhlaíochta ó bhí sé ina gharsún.

"Bhí an tsamhlaíocht ana-láidir aige riamh... thaitin Tóraíocht Dhiarmada agus Ghráinne go mór leis."

Breandán, a retired schools' inspector and teacher and said he and his wife were slightly concerned about Cillian's future when he decided to leave third level education to step into acting professionally but supported him in his decision to do so. 'Bhí an t-am sin deacair go leor'

Cé go bhfuil Breandán agus a bhean, máthair Chillian an-áthasach go bhfuil an t-ainmniúchán faighte ag Cillian don scannán Oppenheimer, dúirt sé freisin go bhfuil an iomarca pililiú ag baint leis an scéal seo agus go bhfuil a mhac ar aon tuairim leis faoi sin.

Cillian's calm and measured response to media attention is clearly a family trait as Breandán said whilst the whole family are very happy about the nomination that neither Cillian nor the family are hugely taken the media hullabaloo it has created, especially given other things happening in the world.

Cé go bhfuil spéis ag a mhuintir ina chuid oibre, ní chuireann siad an iomarca ceisteanna air faoi mar go bhfuil 'fhios acu nach maith leis 'mór is fiú a dhéanamh den rud'.

Even though his family are interested in his work, Breandán says they don't ask him too many questions about it as they know he doesn't like to make a big deal of it.

Breandán Ó Murchú, athair Chillian.

Tá ceathrar clainne ar Bhreandán agus deir sé go bhfuil buanna éagsúla acu ar fad, cuid acu a bhfuil dúil mhór acu sa cheol agus cuid eile in ábhair eile. Dúirt sé cé go raibh Cillian cumasach ar scoil go bhfuair sé deacair é suí sa seomra ranga agus gur shíl sé gur shíl sé gur chráigh sé roinnt múinteoirí agus iad i mbun teagaisc sa Phres i gCorcaigh.

Ar a aistear aisteoireachta go dtí seo, deir Breandán go raibh an t-ádh leis gur bhuail sé le daoine ana-dheas ar fad agus go bhfuil 'fhios ag daoine gur féidir brath air agus gur mór an méid é sin i ndomhan na scannánaíochta.

"Tá post aige, fé mar atá ag daoine eile. An t-aon difríocht amháin atá ann ná go bhfaigheann an-chuid poiblíochta. Tá mic agus iníonacha ag daoine eile agus tá siad ag déanamh go hiontach, agus ní fhaigheann siad siúd aon phoiblíocht."

Breandán said, Cillian has a job, 'like everyone else, the only difference is he gets a lot of publicity for his work. Other people have sons and daughters who are doing wonderful things and they get no publicity for it'.

Éist leis An Saol Ó Dheas ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ón Luan go hAoine idir 12.08-1.00