Tá beirt láithreoirí nua ar fhoireann aimsire agus leanúnachais TG4. Is iad sin Caitríona Nic an tSaoir as Contae Aontroma agus Darragh Ó Caoimh as Co. Chorcaí.
Is as Contae Aontroma Caitríona, agus thóg a tuismitheoirí go dátheangach í i bpobal tuaithe an Chreagáin. Chuir amhránaíocht, damhsa Gaelach agus a bheith ag freastal ar chúrsaí Gaeltachta bliantúla leis an ngrá atá aici don Ghaeilge agus don chultúr. Tá a croí go mór i spóirt CLG agus tá boinn chontae agus chúige buaite aici sa chamógaíocht agus sa pheil lena club Ciceam an Chreagáin. Tá go leor spéiseanna ag Caitríona agus is maith léi a bheith ag taisteal agus eolas a chur ar réimse cultúir agus bia.
Bhain sí cáilíocht amach ina múinteoir bunscoile i gColáiste Ollscoile Naomh Muire i mBéal Feirste agus chaith sí dhá bhliain ansin ag múineadh sa Mheánoirthear agus ag taisteal sular bhog sí abhaile le dul ag múineadh i Machaire Fíolta (Gaelscoil an tSeanchaí, Co. Dhoire) go dtí 2022.
Le linn na paindéime, ar nós neart eile, bhuail sé í a gairm a athrú agus thosaigh sí ag obair leis an Rannóg Cumarsáide i TG4 in 2022. Chríochnaigh sí Máistreacht sa Bhainistíocht & Gnó Digiteach trí Ghaeilge le gairid le DCU. Nuair a d'fhógair TG4 go raibh siad chun painéal de láithreoirí aimsire agus leanúnachais a bhunú, thuig Caitríona gur deis iontach a bheadh ann di chun cur tuilleadh lena cuid scileanna meán cumarsáide agus bhí sí an-sásta nuair a ceapadh í.
Mhínigh sí: D’fhás mé aníos ag féachaint ar TG4 sa bhaile agus is beag a cheap mé an t-am sin nuair a bhínn ag féachaint ar na cláir agus ag féachaint ar leithéidi Chaitlín, Mhairéad agus Fiona ar an aimsir go mbeinn féin á gcur i láthair lá éigin.’
Is as Ceann Toirc, Co. Chorcaí Darragh Ó Caoimh. Ag an scoil a d’fhoghlaim Darragh a chuid Gaeilge. Ba í a sheanmháthair Maureen Conran agus an stair a bhain lena cheantar féin a spreag a spéis sa teanga ag aois an-óg. D’fhreastail sé freisin ar chúrsaí samhraidh sa Ghaeltacht i gCorca Dhuibhne agus i gCo. Mhaigh Eo.
Bhain sé céim sa Dlí agus sa Ghaeilge amach in 2022 in UCC agus bronnadh Scoláireacht Fulbright air le bheith ag múineadh Gaeilge in Ollscoil Montana do bhliain acadúil 2022/2023. Nuair a tháinig sé abhaile ó na Rockie Mountains, chuir sé tús le Máistreacht sa Nua-Ghaeilge in UCD, áit a bhfuil sé go fóill.
Tá an-spéis go deo aige i litríocht na hÉireann agus bíonn sé ag scríobh filíochta freisin. Tá duaiseanna éagsúla buaite aige ar a chuid saothair agus bhí siad le feiceáil in Comhar agus Aneas, mar aon le a bheith le cloisteáil ar RTÉ Raidió na Gaeltachta agus ar BBC Radio Ulster. Tá rith, siúlóireacht, iománaíocht agus amhránaíocht chórúil i measc na gcaitheamh aimsire atá aige.
In 2022, chuir Darragh comórtas amhránaíochta Junior Eurovision Éire i láthair i gcuideachta Louise Cantillon ar TG4.
"Tá TG4 ar cheann d’institiúidí is tábhachtaí craoltóireachta agus cultúir na hÉireann, agus is mór an onóir dom é a bheith ag tosú ag obair ann ag an am iontach seo agus is iontach an deis dom é. Tá súil agam go mbeidh mé in ann cur leis an tseirbhís den scoth a chuireann TG4 ar fáil cheana féin agus táim ag súil go mór le bheith ag obair le gach duine i mBaile na hAbhann, dream a bhfuil fáilte mhór curtha acu romham agus atá an-lách liom ó thosaigh mé. Tá súil agam freisin go mbeidh teaspach mór ann an samhradh seo; nílimse ag iarraidh go mbeidh an iomarca drochscéalta agamsa don lucht féachana!