Beidh láithreoir nua Joseph Mac Aoidh le feiceáil ar Nuacht Cúla4 ón lá inniu ar aghaidh. Craoltar Nuacht Cúla4, feasachán nuachta sé nóiméad ar fhad atá dírithe ar pháistí ón Mháirt go Aoine ag 1:30pm agus arís ag 5:30pm ar chainéal Cúla4.
Is as Gaoth Dobhair do Joseph agus tá sé 23 bliain d'aois. D’fhreastail sé ar Scoil Adhamhnáin Naofa agus ar mheánscoil Phobalscoil Ghaoth Dobhair sula ndeachaigh sé go hOllscoil na Banríona, Béal Feirste, áit ar bhain sé céim amach sa dlí. Tá an-suim aige i gcúrsaí nuachta agus polaitíochta. Chaith sé sé mhí le RTÉ ar scéim taithí oibre anuraidh ag obair le Nuacht TG4 i mBaile na hAbhann agus le RTÉ Raidió na Gaeltachta sna Doirí Beaga.
Is breá le Joseph spórt, agus imríonn sé sacar le Ceiltigh Ghaoth Dobhair agus peil ghaelach le GLG Ghaoth Dobhair. Baineann sé sult as bheith amuigh ag rith nó ag siúl ar na tránna galánta atá thart ar a cheantar dúchais agus as bheith ag léamh faoi chúrsaí staire agus polaitíochta. Tá sé an-tógtha leis an gceol traidisiúnta fosta.
Beidh Joseph i dteannta an láithreora agus iriseora Seán Ó Maoilchiaráin ar Nuacht Cúla4. Is as Áth an Choite, Co. Luimnigh do Sheán. D’fhreastail sé ar Scoil Náisiúnta Lios na Graí agus ar Choláiste Chaladh an Treoigh. Ghnóthaigh sé bunchéim sa Ghaeilge agus sa Stair ó Ollscoil Luimnigh. Tá céim mháistreachta i gCleachtas Gairmiúil sna Meáin idir láimhe aige faoi láthair. Cé nach í an Ghaeilge a theanga dúchais, tá an-mheas agus spéis aige inti mar aon leis an spórt (rugbaí go háirithe), ceol agus bia.
Tá Nuacht Cúla4 á léiriú ag Fíbín Media do TG4. Is féidir le scoileanna féachaint ar Nuacht Cúla4 beo sa seomra ranga chun an nuacht is déanaí a fháil, nó ar líne ar Sheinnteoir Cúla4 ag cula4.com.
Sheol an tAire Catherine Martin an cainéal Gaeilge, Cúla4, atá tiomnaithe do pháistí i mí Mheán Fómhair seo caite agus craoltar é ar feadh 14 uair sa lá ón 6am gach maidin go dtí 8pm gach tráthnóna.
Tá Cúla4 ar fáil ar Saorview - Cainéal 18, Cainéal 602 ar Virgin Media, Sky 624 agus Eir agus tá sé ar fáil ar líne freisin trí Cúla4 agus ar Sheinnteoir Cúla4 ag cula4.com agus ar an Aip Cúla4.