Labhair Aindriú de Paor ar an gclár Bladhaire ar RTÉ Raidió na Gaeltachta mar gheall ar a ról nua mar Ambasadóir do Sheachtain na Gaeilge le Energia agus na pleananna atá aige don imeacht thábhachtach seo.
Is as Tiobraid Árainn d'Aindriú agus deir sé go bhfuil sé aisteach dó gur roghnaíodh é mar ambasadóir do Sheachtain na Gaeilge mar go bhfuil taithí aige a bheith ag plé leis an imeacht agus é mar chuid de na meáin.
Toisc go bhfuil Aindriú ag obair le 2FM, deir sé go mbeidh sé ag iarraidh an Ghaeilge a chur chun cinn oiread agus is féidir ar an stáisiún sin le linn Sheachtain na Gaeilge. Ó chlár The 2 Johnnies go cúrsaí spóirt, bíonn Aindriú le cloisteáil go minic ar aerthonnta an raidió agus beidh muid ag súil leis na smaointí atá aige don Ghaeilge a úsáid go luath.
Mar a luann Aindriú, tá go leor, leor fite fuaite sa teanga ach beidh seisean ag cur béime ar an gcraic, spraoi agus diabhlaíocht a bhaineann leis an nGaeilge ina ról mar ambasadóir.
Tá an dátheangachas tábhachtach d'Aindriú agus fiú agus é ag láithriú i mBéarla, úsáideann sé a chuid Gaeilge oiread agus is féidir agus mar sin an tslí a oibríonn a intinn, a deir sé.
Tosaíonn Seachtain na Gaeilge le Energia ar an 1 Márta agus is féidir níos mó eolais a fháil anseo