Déanfar ceiliúradh ar oidhreacht cheolmhar Ghael Linn atá anois 70 bliain ar an bhfód ar Céilí House ar RTÉ Radio One Dé Sathairn, 20 Eanáir ag 9pm
I measc na haíonna beidh Edel McWeeney agus Catherine McEvoy ó Macalla, Réamonn Ó Ciaráin Príomhfheidhmeannach Gael Linn agus Binneas, buaiteoirí Siansa 2023!
Tá cáil ar Ghael Linn ag dul siar toisc an ceol Gaelach agus traidisiúnta a chur siad faoi bhráid an phobail; albaim clúiteacha ar nós Skara Brae agus ceol le Séamus Ó Beaglaoich. Pléifear an tionchar seo chomh maith leis an gceol comhaimseartha atá curtha amach acu ar an gclár.
Ceilí House, Dé Sathairn, 9pm ar RTÉ Radio One