Bhí a première domhanda aréir ag KNEECAP, ceann de na scannáin Éireannacha is mó a bhfuiltear ag tnúth leis le blianta beaga anuas, ag Féile Scannán mór le rá Sundance in Utah.
Is é an scannán seo an chéad scannán Gaeilge atá taispeánta riamh ag an bhféile. Bhí scríbhneoir/stiúrthóir Rich Peppiatt agus réaltaí an scannáin, ina measc baill Kneecap: Mo Chara, Móglaí Bap agus DJ Próvaí mar aon le Simone Kirby, Jessica Reynolds agus Fionnuala Flaherty i láthair ag an première.
Kneecap, an tríréad rapcheoil spleodrach ceannródaíoch Gaeilge, agus an bealach ar tháinig siad i gceann a chéile an chéad lá riamh, sin scéal an scannáin. Agus iad i mbun aisteoireachta den chéad uair riamh, tá príomhpháirt ag baill an ghrúpa féin sa scannán: Mo Chara, Móglaí Bap agus DJ Próvaí. Tá an triúr céanna i gcuideachta Michael Fassbender, aisteoir a ainmníodh do Dhuais Acadaimh (Steve Jobs, 12 Years a Slave), Simone Kirby (Hidden Assets, Jimmy's Hall) agus Josie Walker (Belfast, The Wonder).
In iarthar Bhéal Feirste, 2019, atá an scannán suite agus tugann sé cuntas ar an chinniúint a thug an triúr le chéile agus ar an bhealach 'ar athraigh siad an ceol Gaelach go deo na ndeor’ ina dhiaidh sin.
Deir Proinsias Ní Ghráinne, Eagarthóir Coimisiúnaithe TG4 gur léir gurb é
''TG4 an craoltóir is fearr don scannán seo 'Kneecap' - scannán grinn, dána agus spleodrach, ar aor dorcha é ach a bhfuil scéal réadúil ann maidir le gníomhachas teanga. Is iontach an t-aitheantas é do scannánaíocht na Gaeilge agus mar a thaistealaíonn ár dteanga - go mbeidh scéal agus ceol Kneecap ag oscailt na féile scannán neamhspleách is mó ar domhan.''
Bhí an méid seo le rá ag an scríbhneoir-stiúrthóir Rich Peppiatt faoin première domhanda: "Nuair a chuir mé romham féin an chéad lá riamh scannán a dhéanamh i dteanga nár labhair mé, a bheadh suite in áit nárbh as dom, is beag a shíl mé ceithre bliana níos faide anonn go mbeadh an scannán Kneecap á chur os comhair an tsaoil againn ag an fhéile is gradamaí agus is tábhachtaí i dtionscal na scannán neamhspleách. Is mór an onóir dom gort nua i dtionscal na scannán Gaeilge a threabhadh; seo scannán a bhfuil an t-iontas agus an spreagadh ina orlaí tríd – dála cheol Kneecap féin."
Bhí an méid seo le rá ag an léiritheoir Trevor Birney ó Fine Point Films: "Seo an chéad scannán Gaeilge a roghnaigh Sundance riamh, agus is éacht amach is amach é ní hamháin ag Rich Peppiatt agus Kneecap ach ag Fine Point agus ag an tionscal scannán in Éirinn, thuaidh agus theas, chomh maith. Bhí mé an-tógtha go deo leis an scannán nuair a phléigh Rich an smaoineamh liom an chéad lá riamh agus thosaigh muid ag obair i gcomhar leis an bhanna ionas go dtiocfadh an fhís chun fíre. Caithfidh mé buíochas ó chroí a ghabháil leis an chriú iontach a bhí againn agus, ar ndóigh, leis na maoinitheoirí a thacaigh le fís Rich. Go raibh maith agaibh."
In 1978 a bunaíodh Féile Scannán Sundance agus tá sí ar an fhéile is iomráití ar domhan ó thaobh na scannán neamhspleách de. Is é KNEECAP an chéad scannán riamh nár léiríodh i Meiriceá a roghnaíodh do rannóg NEXT na féile. De réir na féile féin, na saothair a roghnaítear faoin rannóg seo, is "saothair íona mhisniúla iad agus is sonraíoch an insint nuálach cheannródaíoch a chleachtar iontu".
Is iad Jack Tarling agus Trevor Birney, thar ceann Fine Point Films agus Mother Tongues Films, a léirigh KNEECAP, in éineacht le Patrick O’Neill ag Wildcard a bhí ag feidhmiú mar Chomhléiritheoir. Chuir na heagraíochtaí seo a leanas maoiniú ar fáil don scannán: Scáileán Thuaisceart Éireann, An Ciste Craoltóireachta Gaeilge, Fís Éireann, BFI (a bhronn maoiniú ón Chrannchur Náisiúnta), Coimisiún na Meán agus TG4 agus thug Great Point Media tacaíocht dó chomh maith.
Beidh Féile Scannán Sundance ar siúl idir 18 – 28 Eanáir in Salt Lake City, Utah, agus taispeánadh KNEECAP aréir, oíche oscailte na féile féin . Is iad Wildcard agus Curzona a eiseoidh an scannán KNEECAP i bpictiúrlanna na hÉireann in 2024.