Tá Ceolaireacht ar ais arís le sraith nua agus an láithreoir Doireann Ní Ghlacáin ag tabhairt faoi thuras eile timpeall na tíre, agus níos faide i gcéin. Lena rothar lena cois agus a fidil ar a droim tá sí ag fiosrú arís faoi stíl réigiúnach an cheoil in áiteanna b'fhéidir nach mbeadh chomh haitheanta sin do cheol traidisiúnta na tíre seo.
Tá sé ráite le blianta go bhfuil stíl réigiúnach cheoil an-láidir in Iarthar an Chláir, Sliabh Luachra agus Dún na nGall, ach an bhfuil stíl láidir fós ann? Beidh Doireann ag lorg fhreagra na ceiste sin agus í ag bualadh le ceoltóirí ar fud na tíre, ag seinm agus ag comhrá leo faoi stíleanna difriúla. Beidh sí ag tabhairt cuairt ar Thuaisceart Thiobraid Árainn, ar Chathair Chorcaí agus ar Thuaisceart Mhaigh Eo ach ar dtús, is i gcathair Londan a thosóidh a triall.
Tá ceol traidisiúnta na hÉireann ag dul ó neart go neart le blianta beaga anuas agus ceoltóirí scaipthe ar fud an domhain. Fadó ní raibh ach pócaí beaga timpeall na tíre líonta le ceol agus anois tá ceol traidisiúnta le fáil go flúirseach sna cathracha móra agus in áiteanna eile nach raibh sé chomh coitianta sin blianta ó shin, agus ní haon eisceacht í Cathair Londan.
Is go Londain a chuaigh na mílte Éireannach ag lorg oibre agus atá ann fós agus thug siad an ceol agus an cultúr leo. Is ann a chuireann Ní Ghlacáin tús lean turas, áit a mbuaileann sí le Reg Hall, fear a chuir dlúthdhiosca le chéile de cheol traidisiúnta i Londain in 1968, Paddy in the Smoke, ceann de na taifeadtaí is tábhachtaí i dtaobh ceol traidisiúnta i gcathair Londan. Beidh cúpla port ag Doireann in éineacht le ceoltóirí óga na cathrach Eimear McGeown ó Ard Mhacha ach í lonnaithe i Londain mar cheoltóir le blianta, agus Rita Farrell a rugadh agus a tógadh i Londain ach a bhfuil nasc an-láidir aici le Co. Liatroma. Tugann sí cuairt ar an teach tabhairne mór Éireannach, Brendan the Navigator, áit a mbíonn comhrá aici le Seáinín Phat Mhaidhle a bhog ó Chonamara go Londain agus duine de chlann ceolmhar Carty, James Óg Carty.
Ag leanúint ar a turas filleann Doireann ar Éirinn agus í ag ceolaireacht suas agus síos na tíre idir Tiobraid Árainn, Corcaigh agus Maigh Eo ar thóir chuisle cheoil thraidisiúnta na linne seo. Tugann sí cuairt ar cheoltóirí agus amhránaithe idir óg agus aosta ag fiosrú na stíle ceoil atá ina gceantair nó an bhfuil stíl ann a thuilleadh. Ina measc beidh Jackie Daly agus Matt Cranitch, Keelan McGrath, Séamus Ó Mongáin agus Séamus Deane, Joe Carey agus Liam Mac Congail, agus amhránaithe iontacha freisin cosúil le Con Fada Ó Drisceoil, Astrid Ní Mhongáin agus go leor leor eile.
'Ceolaireacht’ ag tosú ar TG4 Dé Domhnaigh an 21 Eanáir 2024, ag 9.45pm