Labhair an béaloideasóir, Dr. Billy Mag Fhloinn ar News at One ar RTÉ Radio One faoin tuama ar a dtugtar, Altóir na Gréine, a d'aimsigh sé i gCorca Dhuibhne le déanaí.
Mhínigh Mag Fhloinn go raibh eolas áirithe ar fáil don phobal go raibh a leithéid de rud ann agus Altóir na Gréine a luadh i gCnuasach Bhéaloideas Éireann ach go raibh amhras ann an raibh sé fós ann mar go raibh taifead ann gur baineadh an altóir as a chéile ó shin.
Bhí learáid ar fáil ón mbliain 1839 agus bhí Billy in ann na clocha a bhí feicthe aige le sonrú sa learáid seo agus nuair a chur sé an t-eolas seo faoi bhráid an OPW, bhí siad in ann a dhearbhú go raibh an ceart aige, le cabhair ó sheandálaí.
Síltear go bhfuil an tuama seo 4,000 bliain d'aois agus tá obair bhreise le déanamh air chun feidhm an tuama a aimsiú mar go gceaptar gur tuama dingeach é seo ach nach bhfuil sé ag lonnaithe siar ó dheas mar atá coitianta i dtuamaí dingeacha eile a aimsíodh in Éirinn.