Tugann Clár Intéirneachta RTÉ deis duit tús maith a chur le do ghairm i dtionscal na meán cumarsáide agus i dtionscal na cruthaitheachta. Cuir barr feabhais ar na scileanna riachtanacha sin agus comhoibrigh le criúnna agus foirne eisceachtúla RTÉ.
Cuireann an intéirneacht seo taithí phraiticiúil ar fáil sna rannóga seo a leanas: Radio 1, Raidió na Gaeltachta, Nuacht RTÉ TG4, Cláracha Gaeilge, Teicneolaíocht, Cúrsaí Reatha, Tráchtáil, Spórt, na Meáin Shóisialta, an tSaotharlann (The Lab) agus an RTÉ Player.
Clúdaítear san oiliúint chuimsitheach cruthú ábhair, teicnící léirithe, scéalaíocht dhigiteach, smaointe a spreagadh agus scileanna a chur i láthair.Le linn do shocrúcháin, gheobhaidh tú taithí ar thaighde, léiriú, cruthú ábhair, cumarsáid, riarachán agus obair foirne agus tú ag cur do thascanna ó lá go lá i gcrích.An Próiseas IarrataisComhlánaigh an fhoirm iarratais chun beagán a insint dúinn fút féin agus ardán a thabhairt don fhéith chruthaitheachta sin atá ionat. Níl aon CV ná litir chlúdaigh ag teastáil.
Is é meán oíche Dé Luain an 5 Feabhra 2024 an dáta deiridh a nglacfar le hiarratais.Is deis é seo dúinne le aithne a chur ort, foghlaim faoi na rudaí a bhfuil do chroí iontu agus mar a chuirfidh tusa le RTÉ. Ní mór duit a bheith ar fáil do lá measúnaithe ar an láthair a bheidh ar siúl i mBaile Átha Cliath Dé Luain an 26ú Feabhra agus do chomhrá gearr ar líne Dé Máirt an 27 Feabhra 2024.An bhfuil suim agat a bheith ag craoladh i mBéarla? Féach ar ár bhfógra don intéirneacht Bhéarla.Is féidir leat iarratas a dhéanamh ar intéirneachtaí Gaeilge/Gaeltachta agus na hintéirneachtaí Béarla chomh maith.
Céard a chuirfimid ar fáil?Cuireann an intéirneacht íoctha seo conradh 6 mhí ar théarma seasta le RTÉ ar fáil chomh maith le tuarastal €28,357 a bhliain pro rata. Le linn d'intéirneachta, cuirfidh meantóir RTÉ tacaíocht rialta ar fáil ar mhaithe le d’fhorbairt ghairmiúil.I gclár 2024, tá 14 intéirneacht ar fáil sna réimsí sna rannóga seo a leanas: Radio 1, Raidió na Gaeltachta, Nuacht RTÉ TG4, Cláracha Gaeilge, Teicneolaíocht, Cúrsaí Reatha, Tráchtáil, Spórt, na Meáin Shóisialta, An tSaotharlann (The Lab) agus an RTÉ Player.
Beidh beirt de na hintéirnigh sin, i gcomhar le hÚdarás na Gaeltachta, lonnaithe sa Ghaeltacht agus beidh siad ag obair do Nuacht RTÉ TG4 agus Raidió na Gaeltachta.Cuirimid fáilte roimh iarrthóirí ón nGaeltacht cur isteach ar na poist sin.Beidh baint ag intéirnigh Spórt RTÉ lenár gclúdach ar na cluichí Oilimpeacha agus Parailimpeacha chomh maith le cúnamh a thabhairt leis an gclúdach ar spóirt na mban atá ag méadú. I gcomhar le Spórt Éireann agus mar chuid dá dtionscnamh, Mná sa Spórt, tá dhá intéirneach eile curtha againn le hintéirneachtaí Spórt RTÉ.
Táimid tugtha in RTÉ don éagsúlacht agus iarraimid ar gach duine a bhfuil spéis acu sna hintéirneachtaí 2024 cur isteach orthu.An bhfuil tú ag iarraidh tuilleadh a fhoghlaim faoi Chlár Intéirneachta 2024?Bí páirteach i seimineáir ghréasáin chlár intéirneachta 2024 dár gcuid:
Gach intéirneacht: 17 Eanáir, 1-2 pm (beidh ateangaire ISL agus caint go téacs ar fáil): https://rte-ie.zoom.us/webinar/register/WN_PmIRSfCdQuermvydU9jogg
Intéirneachtaí Gaeilge: 18 Eanáir, 1-2 pm (i nGaeilge): https://rte-ie.zoom.us/webinar/register/WN_kCdWlL4RTmWxwrRJw_K6JQ
Intéirneachtaí Spóirt: 19 Eanáir, 1-2 pm: https://rte-ie.zoom.us/webinar/register/WN_xuBXKCKYS6y3LRZEkKMK5w
Chun spéis a léiriú sna seimineáir ghréasáin seo, cliceáil ar na naisc thuas.Tacaíocht le d’iarratasMá tá oiriúnuithe réasúnta don phróiseas iarratais ag teastáil uait nó más maith leat do riachtanais rochtana a roinnt linn, déan teagmháil linn ag internship@rte.ie. Pléimis an bealach is fearr is féidir linn tacaíocht a thabhairt duit.Nótaí tábhachtacha
Ní mór duit a bheith ábalta oibriú ar an láthair i mBaile Átha Cliath
Beidh intéirneacht Gaeilge amháin lonnaithe in RTÉ, Domhnach Broc. Beidh beirt intéirneach atá lonnaithe sa Ghaeltacht ag obair le Nuacht RTÉ TG4 agus Raidió na Gaeltachta dá socrúchán 5 mhí i gceann de na háiteanna seo a leanas i gConamara, Corca Dhuibhne nó sna Doirí Beaga
Cuirfear tús leis an intéirneacht ar an 8 Aibreán agus críochnóidh sé ar an 11 Deireadh Fómhair 2024
Beidh an oiliúint don intéirneacht ar siúl ón 8 Aibreán go dtí an 26 Aibreán 2024. Is cuid bhunúsach agus éigeantach den intéirneacht í an oiliúint
Beidh an cúrsa oiliúna ar siúl ar feadh 3 seachtaine ó Luan go hAoine le linn uaireanta oifige.
Tar éis na hoiliúna cuirfear ar cheann de na foirne thú ar feadh 5 mhí ag tosú ar an 29 Aibreán agus ag críochnú ar an 11 Deireadh Fómhair 2024
Beidh ort a bheith ar an láthair don socrúchán oibre 5 mhí agus socróidh gach rannóg na huaireanta oibre
Tá solúbthacht ríthábhachtach agus d’fhéadfadh sé tarlú go mbeadh ort obair a dhéanamh sa tráthnóna agus ar an deireadh seachtaine
Tá na dátaí socraithe, ní mór duit a bheith in ann do chuid ama agus do chuid airde ar fad a thabhairt don intéirneacht seo agus seans nach mbeidh sé oiriúnach do dhaoine atá in oideachas lánaimseartha
Déantar aon fhaisnéis a chuireann tú ar fáil a phróiseáil bunaithe ar do thoil shoiléir a bheith faighte chun críoch earcaíochta agus roghnúcháin. Féadfaidh tú do thoiliú a tharraingt siar am ar bith gan tionchar a bheith aige ar dhlíthiúlacht na próiseála roimhe sin. Is féidir tuilleadh eolais maidir le RTÉ a bheith ag láimhseáil do chuid sonraí pearsanta a fháil inár bPolasaí Príobháideachais.Tá RTÉ tiomanta don éagsúlacht ina fhórsa saothair agus fáiltíonn sé roimh iarratais ó dhaoine a bhfuil cúlraí ilghnéitheacha acu.Cuirfear fáilte roimh iarratais ó dhaoine a bhfuil dearcadh dearfach acu i leith na Gaeilge.
Is fostóir comhdheiseanna é RTÉ agus breithneofar iarratais cháilithe gan aird a thabhairt ar chúrsaí inscne, ar chlaonadh gnéis, ar fhéiniúlacht inscne, ar aois, ar thaithí sóisialta, ar chine agus ar eitneacht, ar mhíchumas, ar stádas sibhialta agus teaghlaigh, ar chreideamh reiligiúnach ná ar bhallraíocht den Lucht Siúil.
Tá tuilleadh eolais ar fáil anseo