Scríobhann Roxanna Nic Liam ar na mothúcháin a thagann chun cinn i mí Eanáir, an gá le hathrú ó bhonn, na nithe ar fad a shíleann muid atá uainn le tús a chur le bliain nua.
Thosaigh sé le snó-ungadh don oíche. Tá sé tar éis an mheán oíche agus tá mé ag scrolláil ar suíomh Brown Thomas. Tá an snó-ungadh a chuirim ar m'aghaidh roimh chodladh folamh agus tá ceann nua ag teastáil uaim. Níl a lán airgid agam agus tá mé ag féachaint ar na táirgí atá ar lascaine. Tá na táirgí scéimhe go léir ag dul thar mo shúile; drithleach agus draíochtúil. Lipliner! Anti-aging cream! Seaweed exfoliator!!! Ní raibh siad ag teastáil 5 nóiméad ó shin, ach tá na táirgí seo ag teastáil uaim anois, láithreach!
Níl pingin agam, níl muinín agam, so conas a tháinig mé go dtí an áit seo?
Is é an freagra gearr ná: caipitleachas. Ach an scéal níos faide ná seo.
Tá an Nollag díreach críochnaithe agus tá gach duine ag dul tríd lionn dubh an Eanáir faoi láthair. Tá gach duine in ísle brí. Táimse in ísle brí. Agus tá mo snó-ungadh don oíche críochnaithe. Cad é an ceangailt ansin? Arís, caipitleachas.
I rith na pandéime, d’éirigh mé as an ól. Bhí drochnós agam, ag ól gach lá agus ní raibh sé sláintiúil. Chuige sin, d´éirigh mé as. Ach ansin, tar éis tamaill, fuair mé nós nua eile: siopadóireacht. Thosaigh mé ag ceannach rudaí. Ar dtús, cheannaigh mé rudaí a bhí ag teastáil uaim. Ansin, rudaí nach raibh ag teastáil uaim. Éadaí, smideadh agus táirgí scéimhe eile. Mar titeann an séireatonin i d’inchinn nuair a ceannaíonn tú rud éigin deas. Mar bhí mé ag maireachtáil tríd paindéim uafásach agus is slí é a bhí ann chun déileáil le gach rud a bhí ar siúl.
Mar, tar éis na blianta ag obair an t-am ar fad, ag obair i dhá nó trí jabanna ag an am céanna, bhí mé ag iarraidh smaoineamh orm féin don chéad uair, ag iarraidh mé féin a mhilleadh. Tar éis tamall, stop mé ag siopadóireacht mar, cosúil leis an ól, ní raibh sé sláintiúil dom. Bíonn sé níos deacra agus níos deacra an séireatonin a aimsiú. Ach uaireanta, nuair a mhothaím in ísle brí agus mé gan féinmheas agus féinmhuiníne, tagann an fonn siopadóireachta orm arís. Agus an t-am is measa de na mothúcháin sin ná ag am Nollag. Agus an am sin díreach tar éis na Nollag, nuair atá tú ag mothú míshláintiúil agus tuirseach agus bocht.
Ok, ar ais go dtí an snó-ungadh. Is ceann "speisialta" é don oíche. Cuireann tú é ar d’aghaidh roimh do chodladh agus… níl a fhios agam. Mothaíonn d’aghaidh deas agus bog agus tá boladh álainn as an ungadh. So conas a bhfuil sé difriúil ón ceann a úsáidim ar maidin? Arís, níl fhios agam. Ach ar chúis ait éigin, CAITHFIDH mé ceann nua a fháil mar tá mo cheann críochnaithe. Sin an fáth atá mé ar suíomh Brown Thomas anseo. Tá branda amháin ar phraghas laghdaite. Bhí sé €240 agus anois, níl sé ach €199! Agus tá bosca le trí táirgí anseo, ungadh don lae, ungadh don oíche agus ola don chorp, €83. BARGAIN! Cá bhfuil mo chárta dochair? Agus ansin, tagann an chiall ar ais. Bhí támhnéal orm i gcomhair soicind amháin ansin, ach dhúisigh mé. Ar maidin, bhí mé buartha faoin gcíos do mhí Feabhra agus an Márta fiú. Anois féach orm. Cop on Roxanna! Múcaim an ríomhaire. Cad atá tú ag déanamh duit féin? Agus cén fáth? Tá an freagra againn. Anois, le chéile: CAIPITLEACHAS!
Sin an bréag a insíonn caipitleachas dúinn arís is arís. An cleas atá aige- cuireann sé ina luí ort go bhfuil rud éigin ag teastáil uait i gcónaí. Rud nach bhfuil agat. Rud nach raibh agat riamh. Rud nár smaoinigh tú air riamh fiú.
Agus nuair a cheannaíonn tú an rud, beidh do shaol i bhfad níos fearr. Ach níl sé sin fíor. Cad a tharlóidh muna gceannaím an snó-ungadh sin le hagaidh an oíche. Nó má úsáidim an ceann don lae san oíche? An beidh m’aghaidh ag leá i mo chodladh? Agus má ceannaíom an ceann "ceart", an mbeidh lionn dubh an Eanáir imithe? An beidh mé saor ón mbrón agus lán le féinmheas agus féinmhuinín? Níl aon ungadh draíochtúil a dhéanann é sin. Tagann na rudaí sin uait féin. Féin-ghrá. An rud atá is tábhachtaí dom faoi láthair. An t-aon foirmle draíochtúil atá ag teastáil uaim. Agus na rudaí eile atá ag teastáil? Bhuel. Tá bia sa chuisneoir, tá díon os mo chionn agus tá mo chlann agus mo chairde agam. Níl aon phraghas ar sin.