skip to main content

Is fiú go mór é! Teaghlaigh Ghaeltachta lárnach i bhfeachtas nua faoi thógáil clainne le Gaeilge.

Cuirfear sraith taifeadtaí faoi thógáil clainne le Gaeilge sa Ghaeltacht faoi bhráid an phobail mar chuid d'fheachtas nua faoin ábhar a bheidh á sheoladh ag an eagraíocht Tuismitheoirí na Gaeltachta an mhí seo, ag tosú Dé Luain 15 Eanáir 2024.

Na teaghlaigh féin a bheidh i lár an aonaigh agus na suáilcí a bhaineann le tógáil clainne le Gaeilge sa Ghaeltacht á bplé acu.

Caithfimid seal le Cormac ó Chorca Dhuibhne agus a mhac óg Danny, beidh comhairle ag Lucia ó Ghailís na Spáinne dúinn faoi bhogadh go dtí an Ghaeltacht, míneoidh Aifric ó Indreabhán chomh buíoch is atá sí dá cuid tuismitheoirí go ndearna siad an cinneadh í a thógáil le Gaeilge, labhróidh Déirdre agus Pádraig ó Ghaoth Dobhair faoin mbród a bheireann sé dóibh a gclann a thógáil le Gaeilge agus go leor eile.

Ghlac aon teaghlach déag páirt sa taifead ó Dhún na nGall, Gaillimh agus Ciarraí. Beidh fógraí teilifíse agus raidió á gcraoladh mar chuid den fheachtas, fógraí á bhfoilsiú i nuachtáin agus ar líne chomh maith le físeáin agus ábhar eile á roinnt ar na meáin shóisialta.

Ag labhairt di faoin bhfeachtas dúirt Sorcha Ní Chéilleachair, Ceannasaí Thuismitheoirí na Gaeltachta go raibh an eagraíocht 'an-tógtha leis na teaghlaigh spreagúla seo agus an mórtas, bród, misneach agus dóchas a bhí le brath go láidir ina measc. Is ceist an-chasta í ach tá súil againn go rachaidh na scéalta seo i bhfeidhm ar dhaoine agus go gcuirfidh sé i mbun machnaimh iad.’

Is féidir féachaint ar na físeáin anseo