If your New Year's resolutions featured eating less meat and/ or learning Irish, Planda go Pláta is perfectly positioned for you. This new series from TG4 celebrates plant-based food and teaches us how to cook some wonderful dishes.
Is sraith nua álainn de chuid TG4 é Planda go Pláta a cheiliúrann cócaireacht phlandabhunaithe.
Is é clár cócaireachta nua TG4 d'Eanáir 2024 an chéad cheann dá leithéid ar theilifís na hÉireann! Is sraith nua álainn de chuid TG4 é Planda go Pláta a cheiliúrann cócaireacht phlandabhunaithe. Féadfaidh an lucht féachana am a chaitheamh i dteannta an chef Niall Ó Conchúir agus an chócaire baile Rebecca Uí Chonaola thar ocht gclár agus iad i mbun oidis veigeánacha a chócaireáil, oidis a cruthaíodh go speisialta don tsraith.
Casfaidh Rebecca agus Niall freisin le feirmeoirí áitiúla spreagúla ar fud na tíre. Rinneadh an tsraith a thaifeadadh ar feadh bliana fáis, ag leanúint na séasúracha agus ag taispeáint na nglasraí iontacha a fhástar anseo agus an tairbhe a bhaineann leo don tsláinte.
Tá go leor daoine ag roghnú an méid feola a itheann siad a laghdú ar chúiseanna éagsúla - bíodh sin ar mhaithe lena sláinte, leis an timpeallacht nó le leas ainmhithe. Is dócha gur aiste bia phlandabhunaithe an bealach is fearr le do thionchar ar an timpeallacht a laghdú chomh maith le tacú le sláinte croí agus a bhaineann leis agus an baol galar a laghdú.
Is é Tony Keogh, príomh-chef veigeánach ón mbialann Cornucopia a chruthaigh na hoidis don tsraith. Leis na miasa seo, más anlann pasta tapa agus simplí nó mias iontach do chóisir dhinnéir atá ann, thitfeadh duine ar bith i ngrá le bia veigeánach. Déantar gach rud ó bhonn ag úsáid táirgí séasúracha agus comhábhair phriosa.
Ní hamháin go rachaidh na béilí uile a ullmhaítear chun leasa sláinte an duine, ach chun leasa ainmhithe agus na timpeallachta freisin. Is sraith é Planda go Pláta do lucht féachana mór. Bainfidh daoine atá ag leanúint aiste bia plandabhunaithe cheana féin, daoine a bhfuil líon na dtáirgí ó ainmhithe a itheann siad gearrtha siar acu, agus freisin daoine ar mian leo gearradh siar ar tháirgí ó ainmhithe i mí Veigeanáir / Eanáir seo chugainn tairbhe agus taitneamh as an tsraith seo.
Ag tosú Déardaoin an 18 Eanáir ag 8pm ar TG4