skip to main content

Comórtas na mBannaí Céilí ar TG4

Craolfar clár speisialta uair an chloig faoi Chomórtas Sinsir na mBannaí Céilí ag Fleadh Cheoil na hÉireann sa Mhuileann gCearr ar TG4 Dé Domhnaigh an 14 Eanáir 2024 ag 9:30pm.

Sa chlár, dár teideal Fleadh 2023 - Na Bannaí Céilí, tabharfar cluas do na bannaí céilí uilig a ghlac páirt sa chomórtas san Ardeaglais sa Mhuileann gCearr, chomh maith le píosaí scannánaíochta réamhthaifeadta a rinneadh ar na grúpaí agus beidh agallaimh san áireamh freisin.

Cuirfidh Fiona Ní Fhlaithearta ó TG4 an clár i láthair, agus i measc na mbannaí céilí a bheidh ag glacadh páirte beidh The Grange, as Camros i gContae Laoise, a chríochnaigh sa dara háit in 2022, agus Glór na dTonn as Scoil Acla, a chríochnaigh sa tríú háit. Beidh siad araon ag súil leis an gcomórtas a bhuachan an t-am seo, agus iad san iomaíocht le bannaí céilí eile as Éirinn, Albain agus as an Astráil freisin. I mbliana ghlac bannaí céilí as Melbourne na hAstráile páirt sa chomórtas, mar aon le go leor bannaí eile as Dún na nGall, Ciarraí, Maigh Eo, Uíbh Fhailí, An Dún, Corcaigh agus as áiteanna eile.

Fiona Ní Fhlaithearta

An comhlacht léirithe Omedia, atá lonnaithe i Sligeach, a léirigh an clár seo agus a bhí freagrach as an mbeoshruthú ar an gcomórtas uilig sa Mhuileann gCearr an Samhradh seo caite. Léirítear sa chlár an ceol agus na sceitimíní a bhaineann le Comórtas Sinsir na mBannaí Céilí, ar buaicphointe na Fleidhe é agus a chuireann clabhsúr go traidisiúnta le Fleadh Cheoil na hÉireann. Is comhléiriú de chuid TG4 agus Chomhaltas Ceoltóirí Éireann an clár seo.

Is iad seo a leanas na bannaí céilí a ghlac páirt sa chomórtas ná:

The Grange (CCÉ Chamrois, Laois),

Glór na dTonn (CCÉ Scoil Acla, Maigh Eo),

The Strand (CCÉ Mhín na Croise, Dún na nGall),

St. Roch's (CCÉ Irish Minstrels, Albain),

Cnoc an Óir (CCÉ Bhaile an Bhuinneánaigh, Ciarraí)

Ard Eiscir Céilí Band (CCÉ Raithin, Uíbh Fhailí),

The Drombeg (An Léim, Corcaigh),

Melbourne (CCÉ na hAstráile),

Abhainn an Lagáin (Caisleán Uidhilín, An Dún),

Piper's Cross (CCÉ Chraobh an Choisdellibhe, Róisín Bn Uí Cheallaigh, Maigh Eo),

St. James the Great (CCÉ na hAlban)

14 Eanáir 2024 ag 9:30pm ar TG4