skip to main content

Ambasadóirí Sheachtain na Gaeilge réidh d'fhéile na bliana

Kayleigh Trappe, Gráinne Seoige agus Aindriú de Paor
Kayleigh Trappe, Gráinne Seoige agus Aindriú de Paor

Tá ambasadóirí oifigiúla Sheachtain na Gaeilge le Energia fógartha inniu ag seoladh i dTeach an Ard-Mhéara, Sráid Dásain, Baile Átha Cliath. Fógraíodh gurb iad Gráinne Seoige, Kayleigh Trappe agus Aindriú de Paor na hambasadóirí ag painéal cainte san ardchathair.

Láithreoir agus iriseoir í Gráinne Seoige, arbh as an Spidéal ó dhúchas di. Réalta TikTok í Kayleigh, arbh as contae Mhuineacháin ó dhúchas di is a bhfuil lucht leanúna mór tógtha aici le blianta beaga anuas. Is láithreoir raidió é Aindriú de Paor, fear Thiobraid Árann ag obair le RTÉ 2FM, RTÉ Sport agus Spórt TG4.

Ag an bpainéal cainte speisialta inniu, labhair na hambasadóirí faoina dtaithí leis an Ghaeilge go dtí seo agus na bealaí a bheidh siad ag baint úsáid aisti le linn na féile agus i rith na bliana. Bhí Ard-Mhéara Bhaile Átha Cliath, Daithí de Róiste, i láthair do sheoladh ambasadóirí #SnaG24.

Ag labhairt inniu, dúirt Ambasadóir Sheachtain na Gaeilge le Energia, Gráinne Seoige:

"Gan ach 50 lá le dul go Seachtain na Gaeilge le Energia 2024, tá sé le feiceáil go bhfuil spiorad na féile láidir agus go bhfuil spreagadh ann le go mbeidh féile na bliana seo bríomhar agus cumhachtach. Tá mé ag súil go mór leis na himeachtaí ar fad a bheidh ar siúl le linn na féile a fheiceáil agus guím ádh mór ar na grúpaí go léir ag eagrú ina treo sa 50 lá romhainn!"

Gráinne Seoige

Dúirt Conchubhair Mac Lochlainn, Cathaoirleach Sheachtain na Gaeilge le Energia ag an seoladh inniu:

"Is mór an pléisiúr dúinn ambasadóirí Sheachtain na Gaeilge le Energia a fhógairt inniu, agus táimid an-shásta gur triúr ambasadóirí iontacha atá linn i mbliana. Tá scéalta thar a bheith suimiúil ag an triúr acu leis an nGaeilge, agus beidh siad ag roinnt na scéalta seo agus iad ag cur an Ghaeilge chun cinn ar ardáin náisiúnta agus idirnáisiúnta idir 1-17 Márta 2024.

Tá moltaí curtha le chéile ag foireann na féile ionas gur féidir leis an bpobal iad fhéin a ullmhú i dtreo na féile sa 50 lá idir anois agus tús Seachtain na Gaeilge le Energia 2024. Is féidir na moltaí seo agus breis eolais faoin bhféile a fháilt ar snag.ie

Seolfar Seachtain na Gaeilge le Energia go hoifigiúil sa phobal san ionad siopadóireachta i mBaile Bhláinséir ar an Satharn, 24 Feabhra 2024 ag 14:00. Reachtáltar an féile bhliantúil ó 1-17 Márta, le imeachtaí Gaeilge ar siúl ar fud na hÉireann agus timpeall na cruinne.

Tá Seachtain na Gaeilge le Energia á reáchtáil ag Conradh na Gaeilge agus tá an fhéile maoinithe ag Foras na Gaeilge.