Chun tús a chur leis an mbliain úr, tá Gaeloideachas an eagraíocht náisiúnta a thacaíonn le forbairt an oideachais lán-Ghaeilge agus Gaeltachta, ag iarraidh ar an Aire Oideachais an liúntas don teagasc trí Ghaeilge a thabhairt ar ais.
Cuireadh deireadh leis an liúntas sa bhliain 2011 agus deir Gaeloideachas nach bhfuil aon aitheantas ceart á thabhairt ó shin dóibh siúd atá ag obair i réimse na Gaelscolaíochta. Bhain seo le ciorruithe a rinneadh ag an am nuair a bhí eacnamaíocht na tíre trína chéile ach nár tugadh ar ais na liúntais seo ó shin.
Labhair an painéal cainteoirí maidir leis an dua breise a bhaineann le teagasc trí Ghaeilge nuair nach bhfuil áiseanna agus acmhainní ar fáil. Ciallaíonn sin go bhfuil obair sa bhreis agus am sa bhreis le cur ar leataobh ag múinteoirí i nGaelscoileanna i gcomparáid leo siúd atá ag obair in scoileanna Béarla.