skip to main content

Bladhaire ag an Eolaí Óg

Dé hAoine beag seo, beidh Áine Ní Bhreisleáin agus foireann Bhladhaire i láthair ag comórtas spreagúil a chuireann tús le bliain nua, Comórtas an Eolaí Óg san RDS i mBaile Átha Cliath.

Labhróidh Áine leo siúd atá ag cur isteach ar an gcomórtas don chéad uair i mbliana chomh maith le daltaí a bhfuil seantaithí acu ar an gcomórtas le roinnt blianta anuas.