skip to main content

Tugann Ardal O' Hanlon cuairt ar Inis na nIontas ar TG4

Ó Reachlainn sa tuaisceart go Cléire sa deisceart, bhí na hoileáin amach ó chósta na hÉireann ina n-ábhar inspioráide agus miotais le fada an lá. Ach tá an-éagsúlacht fiadhúlra iontu freisin – agus go leor cineálacha daoine.

In Inis na nIontas, tabharfaidh an t-aisteoir agus fear grinn Ardal O'Hanlon ar thuras fíorspéisiúil muid, agus é ag nochtadh na staire, ag faire ar an bhfiadhúlra agus bualadh leis na hoileánaigh atá ag iarraidh maireachtáil go hinbhuanaithe taobh istigh den timpeallacht iontach atá acu.

Is é Inis na nIontas an chéad chlár Gaeilge atá déanta ag Ardal O'Hanlon. Cainteoir dúchais Gaeilge atá ina mháthair, Teresa, agus, sa tsraith seo, comhlíonann Ardal an mhian atá aige le fada, is é sin a chuid Gaeilge a chleachtadh agus a fheabhsú agus úsáid na Gaeilge a chur chun cinn sa phobal i gcoitinne.

Craolfar an chéad chlár ar TG4 ar an 10 Eanáir ag 9.30pm. Dírítear sa chlár sin ar an tuaisceart, agus é ag tosú amach i Reachlainn, oileán a bhfuil clú air mar gheall go bhfuil an oiread sin éanlaith mhara ann agus, agus rud ar leith a bhaineann leis an oileán, an giorria órga.

Anseo, foghlaimíonn Ardal faoin tionchar ollmhór a bhí ag fionnachtain iontach seandálaíochta ar Éirinn agus blaiseann sé núdail déanta as ceilp, a bhíonn á saothrú go hinbhuanaithe ar an oileán. Ó Reachlainn, téann Ardal go Toraigh iargúlta atá amach ó chósta Dhún na nGall, áit a bhfaigheann sé amach faoi thraidisiún ceoil an oileáin agus a stair mhisteach, agus faighimid léargas ar an gcaoi a bhfuil cleachtais feirmeoireachta á gcur in oiriúint d'fhonn cuidiú leis an traonach, atá i mbaol. Ina dhiaidh sin, téann Ardal go hÁrainn Mhór, an t-oileán is mó atá againn ó thuaidh. Agus é anseo, foghlaimíonn sé faoin gcaoi a bhfuil muintir an oileáin ag spreagadh daoine nua atá ag teacht chun cónaithe anseo, agus feiceann sé oileánín álainn ina bhfuil an gheabhróg bheag, atá i mbaol, tar éis tearmann a aimsiú di féin.

Sa dara clár, leanann Ardal ar aghaidh síos feadh chósta an iarthair go dtí Oileáin Árann, áit a bhfoghlaimíonn sé ó fhear atá fós ina mhanach faoin oidhreacht ársa Chríostaí atá acu agus, ina dtimpeall go gcaithfear suntas a thabhairt don lear mór flóra atá flúirseach agus faoi bhláth, le cabhair ó mhodhanna traidisiúnta feirmeoireachta. Agus é ag coinneáil air ó dheas, tugann Ardal cuairt ar an mBlascaod Mór atá tréigthe anois, ach inar mhair an t-údar Gaeilge Peig Sayers tráth. Tá coilíneacht róin faoi rath ann anois agus beirt fheighlí óga ina gcónaí ann. Ar Dhairbhre in aice láimhe taispeántar d’Ardal fianaise iontaisithe den luathshaol ag teacht ón bhfarraige. Ar chósta an oileáin, tá an t-aon táirgeoir fíona mormónta atá againn in Éirinn ar thóir comhábhair, agus sa bhfarraige máguaird tá caomhantóirí oisrí ag obair go dian. Cuirtear críoch leis an gclár le cuairt ar Sceilg Mhichíl, suíomh oidhreachta domhanda UNESCO a thuil cáil idirnáisiúnta mar gheall ar Star Wars: The Force Awakens. Agus Luke Skywalker bailithe leis le fada, tá lear mór puifíní ar an oileán, chomh maith leis an mainistir ársa is drámatúla ar domhan.

Sa chlár deireanach, tá Ardal sa chuid is faide ó dheas den tír, áit a dtagann sé ar Oileán álainn Gharinse. Agus é téite ag Sruth na Murascaille, is parthas é Garinis atá lán de ghairdíní áille, méithe. Is talamh pórúcháin é freisin don éan maorga neamhchoitianta, an t-iolar mara. Agus é ag taisteal ar chadhc, feiceann Ardal an choilíneacht róin a bhfuil ag éirí chomh maith sin léi, sula dtugann sé a aghaidh níos faide ó dheas go hInis Arcáin, áit a bhfuil sé sa bhfarraige arís eile, agus é á chur in aithne do ráth spraíúil deilfeanna. Insíonn staraí áitiúil dúinn faoi stair na bhfoghlaithe mara ar an oileán agus míníonn ealaíontóir atá ag maireachtáil ann an fáth a bhfuil Inis Arcáin anois ina pharthas do phéintéirí.

Ó aillte maorga, sceirdiúla go dtí parthais fhothrópaiceacha, tá oileáin na hÉireann dochreidte ó thaobh éagsúlachta de agus tá an scannánú tar éis dul i bhfeidhm go mór ar Ardal.

Inis na nIontas, TG4 ar an 10 Eanáir ag 9.30pm.