Thug Helen Ní Shé cuairt ar lanúin atá pósta le 70 bliain, Micheál agus Máighréad Uí Lionáird as Cúil Aodha i nGaeltacht Chorcaí le labhairt leo faoin gcaidreamh agus an saol a chaith siad le chéile.
Deir Máighréad gur cuimhin léi na sonraí ar fad ón mhaidin ar phós siad i mBaile Bhúirne. Chaith sí gúna gorm, ní bán le bróga airgid agus cé gur bhraith sí go raibh a máthair neirbhíseach, deir sí nár chuir an lá mór isteach nó amach ar a hathair ag an am.
Is cuimhin léi a bheith an-sásta ar an lá agus í ag pósadh agus cé go raibh sé neamhchoitianta ag an am, bhí grianghrafadóir maith acu ó Chorcaigh a rinne an-jab ar na pictiúir.
Tháinig timpeall 30 duine le chéile sa Ghuagán, áit ar cheol siad amhráin agus rince sular thug siad aghaidh i mBaile Átha Cliath agus ansin Béal Feirste ar cuairt ag daoine muinteartha leo.

Cé nár thuig Máiréad cad a bhí roimpi nuair a phós sí, deir sí go raibh an t-ádh leo mar go bhfuil siad sona sásta i bhfochair a chéile ó shin, rud nach raibh fíor i gcleamhnais eile a rinneadh ag an am nó ó shin. Nuair a fhéachann Máighreád ar Mhíchéal, deir sí go bhfeiceann sí an fear céile a phós sí.
Chaill siad beirt chlainne le linn an tsaoil ach d'éirigh leo an t-ualach a thógaint eatarthu agus is mór an tacaíocht sin.
Tá Mícheál 95 agus tá Maighréad 91, cé nach mbraitheann sí an aois sin.