skip to main content

In ómós d'Fheargal Mac Amhlaoibh

Cailleadh an ceoltóir, fear pobail agus ealaíontóir agus fear gnímh, Feargal Mac Amhlaoibh aimsir na Nollag. Craoladh clár speisialta de chuid An Saol Ó Dheas ar RTÉ Raidió na Gaeltachta in ómós dó agus an oidhreacht a d'fhág sé ina dhiaidh.

Clár speisialta i gcuimhne ar Fheargal Mac Amhlaoibh a fuair cuireadh na Nollag Lá an Dreoilín. Chaith Feargal a shaol go dícheallach a plé le forbairt pobail i gceantracha éagsúla Gaeltachta. Ba as Baile Átha Cliath ó dhúchas d'Fheargal ach chaith sé go leor ama i gceantair Ghaeltachta éagsúla ó Oileán Chléire, ar Árainn agus ar deireadh i nDún Chaoin, i gCorca Dhuibhne.

Cé Dhún Chaoin

Tá giotaí de chaint Fheargail sa chlár agus é ag caint ar a óige ag fás aníos i mBaile Átha Cliath agus an spéis a d'fhorbair ann sa Ghaeilge agus cúrsaí cultúrtha na tíre seo. Labhair Feargal faoin tionchar a bhí ag an nGaeilge agus ag an gceol air agus é ina fhear óg ar cuairt go Corca Dhuibhne.

Dár ndóigh, bhog Feargal go Dún Chaoin agus is ann a thóg sé féin agus a bhean chéile, an t-aisteoir, Áine Moynihan beirt chlainne, Malachí agus Muireann.