skip to main content

Remembering Séamus Begley: The Bold Kerryman, clár nua ar RTÉ

Tugann an scannán fáisnéise "Séamus Begley: The Bold Kerryman" ómós don mhórcheoltóir, amhránaí, feoirmeoir agus rógaire Séamus Ó Beaglaoich, a d'imigh ar shlí na fírinne i Mí Eanair 2023.

Tugtar léargas ar an saol a chaith sé le ceol a d’fhág rian mór ar phobal an cheoil thraidisiúnta ar fud na tíre, agus a mhúnlaidh stíl ceoil Iarthar Dhuibhneach. D’fhág a bhás obann scamall dhorcha an bhróin ar a mhuintir, a chairde, na Gaeil agus ceoltóirí ar fud an domhain a raibh meas agus grá mór acu dó.

Taispeánann an scannán fáisnéise seo an duine spleodrach, éirimiúil, anamúil a bhí i Séamus Ó Beaglaoich ar stáitsí an domhain mhór agus mar fheoirmeoir ar a thalamh féin i mBaile na bPoc. Ba é Séamus croílár sprid na dúthaígh Duibhneach, áit ina bhfuil an teanga, ceol agus an cúltúr beo beathach.

Léiríonn an scannán an ról spreagúil an bhí ag Séamus mar cheoltóir, ag tabhairt airde ar an gcaidreamh ceolmhar a bhí aige le Steve Cooney. Feictear conas a d’fhás an cairdeas idir an feoirmeoir Duibhneach, Séamus, agus an hipí Astrálach, Steve, ón chéad aithne le teannas go nasc agus fuaim inaitheanta atá le clos ar an dlúthdhiosca íocónach 'Meitheal’. Taifead ab ea ‘Meitheal’ a d’fhág lorg ollmhór ar cheol traidisiúnta na hÉireann – rud a thug ardán don mbua a bhí ag Séamus leis na polcaí, na sleamhnáin, na hamhráin agus an ghreann a thabhairt chun cinn.

Thaisteal Séamus ar fud na cruinne le ceoltóirí iomráiteacha ar nós na Waterboys, Sharon Shannon, Jim Murray, Téada agus go leor eile, ag roinnt saibhreas ceoil agus amhráin Chorca Dhuibhne leis an saol mór.

Sa chlár tá píosaí cainte ó mhuintir Shéamuis, a bhean chéile Máire, a chlann Breanndán, Eoin, Níall agus Méabh, chomh maith lena dheartháir Breanndán agus a dhlúthchairde John Teaimí Ó Laoithe agus Diarmuid Ó Beaglaoi, a thugann léargas don saol iontach a chaith sé. Roinneann Steve Cooney, Mary Black, Mike Scott, Sharon Shannon, Muireann Nic Amhlaoibh agus Jim Murray na cuimhní atá acu, a léiríonn mar a chuaigh sé i bhfeidhm ar phobal an cheoil thraidisiúnta.

Stiúrtha ag Feilimí O’Connor agus léirithe ag Niamh Ní Bhaoill, is scannán fáisnéise é "Séamus Begley: The Bold Kerryman – An Rógaire Duibhneach" a thugann ómós do fhathach fir a raibh féith an cheoil, na n-amhrán, agus na rógaireachta aige go smior. Fear a scaip polcaí, sleamhnáin agus amhráin Iarthar Duibhneach le héisteoirí ar fuid na cruinne, lena bhosca ceoil go bríomhar agus lena ghuth go binn.

Léirithe ag Aniar agus coimisiúnaithe ag RTÉ.

Séamus Begley: The Bold Kerryman, 29 Nollaig ar RTÉ 1 ag a 18:30.