When Christy Dignam was laid to rest after a long illness in June 2023, the streets of Dublin were lined with people paying last respects to a much-loved singer, songwriter, poet and philosopher, proud Dub and even prouder Irishman.
Nuair a cuireadh Christy Dignam i gcré na Cille mí Meitheamh na bliana 2023 tar éis tréimhse fhada tinnis, sheas na céadta daoine ar shráideanna Fionnghlaise chun meas agus omós a thabhairt do sár-amhránaí, scríbhneoir, file agus fealsúnaí, Bleá Cliathach bródúil agus ba bhródúla fós é mar Éireannach.
Déanann Cloch le Carn, clár speisialta a leanann uair a chloig saol agus saothar ceoltóir agus taibheoir dáimhúil, cuardaitheoir spioradálta a roinn gach gné dá shaol linn, maith agus olc, agus dá bharr tharraing sé gnaoí pobal na tíre chuige fhéin. Tugann a chéile Kathryn agus a hiníon Kiera ómós do céile agus athair a raibh grá domhain acu do; tugann na ceoltóirí Adam Clayton agus Fiachna Ó Braonáin mar aon le hiar-chomhfhreagraí Ealaíona RTÉ, Sinéad Crowley léargas agus ómós do dhuine do mhór uaisle an cheoil sa tír seo, fear a bhí compordach i lár an aonaigh agus a thug inspioráid do mórán tré'na mhacántacht, ionracas, daonnacht domhain agus grá don gceol, Éire agus an saol.
This special hour-long edition of Cloch le Carn celebrates the life and work of a charismatic and gifted musician and performer; a spiritual searcher who had shared the highs and lows of his life with us all and who, in doing so, had endeared himself to the nation. Christy's wife Kathryn and daughter Kiera pay tribute to a much-loved husband and father; while fellow musician Fiachna Ó Braonáin and former RTÉ Arts Correspondent Sinéad Crowley are among those who honour one of Ireland's great musical talents, a born frontman whose openness, honesty, deep humanity and love for music, Ireland and life were an inspiration to many.
"People thought of Christy as their guy, and that Christy was speaking to them and speaking for them. And in a way he was. He was of the people. He couldn't have grown up in any other city." Adam Clayton
Tarraingíonn an clár faisnéise seo giotaí de chartlann fairsing RTÉ agus píosaí scannánaíochta atá feicthe agus nach bhfuil feicthe go fóill mar aon le pictiúir de Christy ag dul siar go dtí an chéad uair a chonacthas é ar scáileáin RTÉ í sna luath ochtódaí.
Léiríonn sé portráid de cheoltóir a raibh air cuid de na croise ba throma a d’fhéadfadh aon duine daonna a iompar, a roinn a chuid fulaingt, áthas, agus a shaol agus é thuas seal thíos seal linn go léir. Is mar gheall ar a chuid ionracas, daonnacht agus macántacht a bhuaigh sé áit i gcroíthe an Náisiún. Caitear súil siar ar chuid de na píosaí scannánaíochta a rinne sé ar theilifís agus raidió a bhain gáire agus gol asain agus bhí grá níos mó againn do dá bharr.
Ina chroí lár istigh tá léargas tugtha ar an grá domhain a bhí aige dá chlann agus don gceol. Óna athair a d’fhoghlaim sé áilleacht an cheoldráma agus amhráin Gaelacha; ina dhéagóir tháinig sé ar Bowie, Dylan agus Slade. Ach ba é an ré new wave/punk sna seachtóidí a fheicfí Christy agus é ag ceol lena chéad bannaí Electron agus Meelah XVIII. Is beag a shíl sé nuair a eisigh Aslan a chéad cheirnín, This Is, i lár na hochtóidí go mbeadh clú agus cáil air leis na glúinte idir óg agus aosta fiú go dtí an lá inniu. Leanfaimid odáise ceoil Christy thar tréimhse caoga bliain; na hamhráin ghrá, leagain d’amhráin agus na cinn popcheoil agus rac cheoil, a ghrá do amhráin tíre agus sean nóis a tháinig chun cinn níos déanaí ina shaol agus a thug lucht leanúna nua do. I láthair na huaire tá os cionn 19 milliúin ráchairt ar You Tube do leagan Christy agus Finbar Furey de 'The Green Fields of France’ agus tá tionchar aige ar na mílte daoine ar fud an Domhain mhór.
Is léargas atá anseo ar an ceoltóir ach chomh maith leis sin ar an duine daonna. Fear a thug grá go domhain agus a thug inspioráid do mhórán ach gur thóg an dúil as cuimse a bhí aige i ndrugaí suas go leor ama i lár a shaoil. Fear a raibh grá aige don saol agus a bhí fós in ann gáire a dhéanamh fiú agus galar a bháis air nuair a ceistíodh é faoi staid reatha a shláinte i 2017 agus a dúirt ‘lá maith is ea aon lá taobh amuigh de Glas Naíon’/ "Sure any day out of Glasnevin's a good day".
Bhí cion againn ar Christy Dignam mar gheall ar a ionracas agus a mhacántacht – ní bheidh a leithéid arís ann.
Léirithe agus stiúraithe ag Sinéad Ní Churnáin do Cláracha Gaeilge, RTÉ.
Cloch le Carn: Christy Dignam á chraoladh Dé Céadaoin, 27 Nollaig, 6.30i.n. ar RTÉ 1.
Laoch an cheoil agus na ndaoine ab ea Christy Dignam. Dub go smior agus duine a chuaigh go mór i bhfeidhm ar go leor, leor daoine ina chuid ceoil agus an daonnachta a bhí ann ach go háirithe agus é ag caint faoi fhadhbanna sóisialta agus drugaí.
Cloch le Carn, Dé Céadaoin, Wednesday 27th December, 6.30pm ar RTÉ ONE