Sa dara sraith seo do Bailte téann Síle Nic Chonaonaigh ar chuairt chuig bailte fearainn ar fud na hÉireann ag fiosrú an ceangal atá ag daoine leis an áit as dtagann siad tríd breathnú ar an tírdhreacht a mhúnlaíonn iad, an cultúr as ar fáisceadh iad agus na slite beatha a chuthaíonn iad.
I measc na mbailte ar a dtugann sí cuairt sa tsraith nua seo ná An Bun Beag i nGaoth Dobhair, Cill Chiaráin I gConamara, Ráth Chairn I gCo na Mí, An Gleann in Uíbh Ráthach agus cuirfear tús leis an tsraith ar an mBaile Uachtarach i gCorca Dhuibhne.
E1 An Baile Uachtarach, Corca Dhuibhne Sa chéad chlár den tsraith nua casfaidh Síle Nic Chonaonaigh le muintir an Bhaile Uachtaraigh i gCorca Dhuibhne. Rachaidh sí go barr Cheann Shibéil le húinéir na talún, áit ar taifeadadh Star Wars. Casfaidh sí le feirmeoir óg a d'fhill ón Nua-Shéalainn le dul ag feirmeoireacht, ainneoin an dúil a bhí aige sa saol a bhí thall agus rachaidh sí ag iascach leis an t-aon duine ón mbaile atá fós ag iascach gliomach. Bainfidh sí trial as an ngalf i nGalf Chumann Cheann Sibéal agus tabharfaidh sí cuairt ar Chaisleán Piaras Firtéar áit a bhfuil na ballaí i mbaol mar gheall ar chreimeadh cósta.
E2 An Bun Beag, Gaoth Dobhair An Bun Beag. Baile beag i bparóiste Ghaoth Dobhair i nGaeltacht Thír Chonaill a bheidh faoi chaibidil sa chlár seo. Tuairim is leathchéad duine atá ag cur fúthu ar an mbaile seo. Ag plé leis an bhfarraige is mo a bhíonn muintir an bhaile agus tá ceangal ar leith acu le Pobal Protastúnach áitiúil.

E3 Gort na Tiobratan, Múscraí . Tabharfaidh Síle Nic Chonaonaigh cuairt ar bhaile fearainn Ghort na Tiobratan i gcroílár Ghaeltacht Mhúscraí. Buailfidh sí le beachadóir ón mbaile a thabharfaidh ar bhealaí oilithreachta traidisiúnta Naomh Gobnait í agus casfaidh sí le teaghlach óg fuinniúil a bhog go dtí an ceantar le déanaí. Cuirfidh Síle aithne ar chleachtas spóirt áitiúil, caitheamh bollaí, agus gheobhaidh léargas ar chréatúir bheaga leochaileacha na coille. Ar an lá is tábhachtaí den bhliain i nGort na Tiobratan, casfaidh Síle le hoilithrigh go bhfaighidh sí amach céard a mheallann chuig an áit ársa dhraíochtúil seo iad.
E4 Cill Chiaráin, Conamara Tabharfaidh Síle Nic Chonaonaigh cuairt ar Chill Chiaráin in iardheisceart Chonamara, baile atá beagnach 70km siar ó chathair na Gaillimhe. Tá an baile seo suite ar chuan fairsing Chill Chiaráin. Is fada muintir an bhaile seo ag saothrú ar an bhfarraige, agus tá earnáil na mara lárnach anois i slánú an bhaile.
E5 Seanach Dubh, Dún na nGall. Sa gclár seo téann Síle go Tír Chonaill, agus go Seanach Dubh. Baile atá suite ar leithinis Fhánada. Tá pobal beag anseo a bhíonn ag brath ar an talamh, an fharraige agus an turasóireacht lena gcothú.
E6 An Gleann, Bá Fhíonáin Sa gclár seo téann Síle chomh fada leis an nGleann in Uíbh Ráthach i ndeisceart Chiarraí. Casann sí le pobal fuinniúil Scoil an Ghleanna, an chéad scoil ilchreidmheach in aon ceantar Gaeltachta sa tír. Blaiseann sí seacláid na Sceilge a dhéantar ar an mbaile, agus itheann sí lón le cócaire siúlach a d'fhill ar an mbaile ina raibh a chroí i gcónaí. Tugann sí cuairt ar an ionad pobail, áit a bhfuil seirbhís iontach á cur ar fáil ansin d'aosaigh an cheantair agus feiceann sí spiorad an phobail agus iad ag teacht le chéile den chéad uair tar éis dhianghlasáil Shamhradh 2020.

E7 Ráth Chairn . Is i Ráth Chairn i gCo. na Mí a bheidh Síle sa gclár seo. Baile eisceachtúil é seo mar gur as Conamara a tháinig formhór de shliocht mhuintir Ráth Chairn sa bhliain 1935. Bhunaigh siad baile agus pobal nua agus is léir go bhfuil ceangal láidir fós idir iad agus an áit thiar.
E8 An Cheathrú, Corca Dhuibhne Is sa Cheathrú, i gCorca Dhuibhne a bheidh Síle sa gclár seo. Casfaidh sí le Christy Mac Gearailt atá ag obair ar shean-naomhóg ón mBlascaod a tógadh sna 70aidí. Tabharfaidh sí cuairt ar Ionad an Bhlascaoid, seod atá lárnach i gcroí an phobail agus gheobhaidh sí blaiseadh beag de shaibhreas litríochta an cheantair ó bhailitheoir leabhar a bhfuil gnó aige san ionad. Casfaidh sí le Maria Simonds-Gooding, ealaíontóir a bhfuil cáil domhanda uirthi agus tugtar cuireadh di chuig seanscannán atá á thaispeáint do chuid de mhuintir an bhaile den chéad uair.
Bailte, Dé Céadaoin, 7pm ar RTÉ 2