skip to main content

Grianstad an Gheimhridh i mBrú na Bóinne ar TG4

Tóraíocht éachtach chun an dara seomra i Sí an Bhrú a aimsiú, seomra a bhfuil amhras faoi le fada.

Thosaigh roinnt rún ag sceitheadh i nGleann na Bóinne le linn tochailtí sna 1960idí. Athaimsíodh ailíniú ghrianstad an gheimhridh i Sí an Bhrú agus nochtadh clocha colbha fíormhaisithe an chairn. Nuair a cuireadh dáta ag dul siar níos mó ná 5,200 bliain leis an séadchomhartha - sin níos sine ná pirimidí na hÉigipte agus Stonehenge - cuireadh mapa an tsaoil ársa in aimhréidh. Ach creid é nó ná creid, níor tochlaíodh Sí an Bhrú go hiomlán riamh; d'fhan formhór mór an struchtúir ársa mar a bhí agus d’fhág sin na rúin atá leis slán. Ach mar sin féin, sna deicheanna de bhlianta ó shin, leanadh leis na ráflaí go raibh an dara seomra ann nár nochtadh go fóill.

Sa chlár Rún na Bóinne, tá Seán Mac an tSíthigh, béaloideasóir agus iriseoir a bhfuil gradaim buaite aige, ag lorg leideanna ar an mistéir seo atá scaipthe ar fud tréimhse ama agus ar fud thírdhreach na hÉireann. Féachann sé arís ar na nithe den scoth a fuarthas sna tochailtí sna 1960idí i nGleann na Bóinne chun scéal nua a insint atá snoite sa séadchomhartha mistéireach is mó le rá in Éirinn. Den chéad uair ar an teilifís in Éirinn, tá eolaithe ceannródaíocha ó Éirinn agus ó ar fud na hEorpa mar aon le teicneolaíocht úrnua tugtha chomh fada le Seán ag an déantóir scannán Neal Boyle, a rinne an chlár faisnéise seo, le bheith páirteach sa tóraíocht chun an dara seomra a aimsiú.

Ní dóigh go ndéanfar aon tochailt mhór ar Shí an Bhrú go ceann i bhfad. Is próiseas ionrach, fadálach agus costasach é. Ach anois leis na teicneolaíochtaí nua neamhionracha amhail micrea-shuirbhé domhantarraingthe agus scanadh geo-radair, tá seans ann léargas mealltach a fháil ar chroí domhain ársa an tséadchomhartha. Tá eolaithe in éineacht le Seán, lena n-áirítear Kevin Barton, geoifisiceoir seandálaíochta lonnaithe i Maigh Eo, agus Roman Pasteka, geoifisiceoir as an tSlóvaic agus a fhoireann saineolaithe. Agus iad ag tabhairt faoi shuirbhé docht naoi lá ar an gcarn, féachann Seán le teorainn a chur leis an gcuardach trí na leideanna a leanúint a d’fhág go gcreidtear go bhféadfadh an dara seomra a bheith ann.

Is seoid agus buaicphointe é Sí an Bhrú i gCoimpléasc Neoiliteach Ghleann na Bóinne. Dúradh linn gurb iad muintir an tseansaoil in Éirinn a thóg na coimpléisc ollmhóra sin mar thuamaí nó láithreacha adhlactha searmanais don scothaicme. Ach mar a nochtar i bhfiosrúchán Sheáin, tá na pasáistí agus seomraí i gcomh-shéadchomharthaí Shí an Bhrú, Cnóbha agus Dubhadh, tógtha freisin chun ailíniú le dátaí tábhachtacha a léiriú. An bhféadfadh an dara seomra i Sí an Bhrú díriú ar imeacht neamhaí agus más é sin an cás, an bhfuil i bhfad níos mó ná tuamaí pasáiste i gceist leis na séadchomharthaí seo? Lorgaítear freagraí i lámhscríbhinní ársa, sa tírdhreach, sa bhéaloideas agus san ealaín agus féachtar i Rún na Bóinne le brí a bhaint as na clocha agus scéalta. Le linn do Sheán meicnic na hailtireachta seo a oibriú amach, leanann sé forbairt agus nuálaíocht na dtógálaithe ársa seo ar fud na hÉireann ón iarthar go dtí an t-oirthear chun léargas a thabhairt ar shinsir réaltóireachta a leag amach na chéad chéimeanna intleachta i dtírdhreach na hÉireann.

Ach an gcruthófar go bhfuil na ráflaí fíor; an mbeifear in ann an dara seomra a aimsiú le leideanna ársa agus eolaíocht na linne seo? Nó an gcoinneofar na rúin sa charn? Pé scéal é, gealltar sa chlár faisnéise seo scéal Shí an Bhrú agus an dream a thóg é, dár linn féin, a athscríobh.

Craolfar Rún na Bóinne ar TG4 Dé Céadaoin an 20 Nollaig 2023 ag 9.30pm