I mí Aibreáin 1986, d'fhuadaigh ionróirí a raibh masc orthu Jennifer Guinness, bean chéile baincéara shaibhir, faoi dhíriú gunna óna teach cónaithe i mBinn Éadair. Ach b’fhéidir gur ghlac na fuadaitheoirí chucu féin níos mó ná mar a bhí siad ag súil leis...
In April 1986, the wife of a wealthy banker, Jennifer Guinness, was kidnapped at gunpoint from her home in Howth by masked intruders. But the kidnappers might have taken on more than they bargained for…
Nuair a tháinig triúr fear a raibh masc orthu isteach gan choinne gan iarraidh i dteach John Henry agus Jennifer Guinness i mBinn Éadair in earrach na bliana 1986, bhí sé i gceist acu iníon na lánúine, Gillian, a bhí ina déagóir ag an am a thógail ina giall. An praghas: IR£2 mhilliún mar airgead fuascailte.
When three masked men burst into John Henry and Jennifer Guinness's home on Howth Head in the spring of 1986, their intended hostage was the couple’s daughter Gillian. The price: a £2 million ransom.
Ach d’éirigh le Jennifer a chur ina luí ar na fuadaitheoirí a raibh go leor arm ar iompar acu ise a thógail ina háit. Thiomáin na fuadaitheoirí leo le Jennifer i bhfolach i mbúit an chairr agus thug siad í go dtí teach beag iargúlta, áit ar cuireadh cochall uirthi agus ar ceanglaíodh í.
But Jennifer managed to persuade the heavily-armed kidnappers to take her instead of their daughter. The kidnappers drove off with Jennifer hidden in the boot of the car and brought her to a remote cottage where she was hooded and tied up.

Tharla sé sin le linn ré ina raibh roinnt saoránaigh Éireannacha mór le rá fuadaithe ag an IRA agus ag an INLA, agus bhí sé doiléir ag an tús cé acu na paraimíleataigh nó buíon coirpeach a d’fhuadaigh Jennifer. Agus na Gardaí ag breith suas ar na daoine a raibh amhras fúthu, bhí na fuadaitheoirí fós chun cinn orthu agus iad ag bogadh chuig áit nua gach dhá lá. Agus istigh ina lár, bhí a n-íospartach Jennifer Guinness a d’fhorbair straitéis mhaireachtála a shábhálfadh í ón mbás sa deireadh.
It was an era in which a number of high-profile people had been kidnapped by the IRA and INLA, and it was initially unclear whether the kidnap had been carried out by paramilitaries or a criminal gang. As the Gardaí closed in on the suspects, the kidnappers kept ahead of them by moving location every two days. And in the middle of it all, their victim, Jennifer Guinness developed a survival strategy which would ultimately save her life.
Sa chlár deireanach sa tsraith reatha de Scannal, caithimid súil siar ar an scéal a bhain le fuadach Jennifer Guinness in earrach na bliana 1986 de réir mar a bhí an náisiún ag fáil amach faoin scéal ag an am.
In the final episode of the current series of Scannal, we look back at the story of Jennifer Guinness's kidnapping in spring of 1986 as it unfolded to the nation at that time.
Trí ábhar cartlainne, anailís agus agallaimh le roinnt de na daoine a raibh dlúthbhaint acu leis, insímid an scéal iontach seo faoi mharthanóir a raibh an-teacht aniar inti, bean phragmatach láidir dheisbhéalach a bheadh ina hurlabhraí náisiúnta ina dhiaidh sin le haghaidh tacaíocht d’íospartaigh.
Through archive, analysis and interviews with some of the people directly involved, we tell the remarkable story of a true survivor, a pragmatic, strong and articulate woman who would later become a national advocate for victim support.
Scannal: The Kidnapping of Jennifer Guinness airs Tuesday 19th December, 7pm, RTÉ One and on the RTÉ Player
Craolfar Scannal: the Kidnapping of Jennifer Guinness Dé Máirt, an 19 Nollaig ag 7pm, ar RTÉ One agus ar an RTÉ Player.