Más thú an cineál duine ar mhaith leo bronntanas Gaelach atá lámhdhéanta acu siúd atá ag treabhadh i ngort na ceardaíochta, seo na nithe a sheas amach dúinne.
1. Mara Duit
Earraí as Gaeilge, deartha le grá sa Ghaeltacht. Dearthóir agus craoltóir is ea Póilín Nic Géidigh as Dún na nGall a chruthaíonn rudaí áille, ó chártaí go leabhar nótaí agus priontaí spreagúla.
Éist le Póilín ag caint faoina gnó féin a thosú ach go háirithe ag tréimhse na Nollag ar an gclár Barrscéalta
We need your consent to load this rte-player contentWe use rte-player to manage extra content that can set cookies on your device and collect data about your activity. Please review their details and accept them to load the content.Manage Preferences
Leabhar nótaí de chuid Mara Duit, nach gcuirfidh sé spin maith ort a bheith ag féachaint air agus pleananna a dhéanamh don bhliain nua?!

2. Pota Café
Tá oiread scríofa agus bainte ag an gcaifé beag Gaeltachta seo atá lonnaithe taobh le TG4 i gConamara nach gá dúinne mórán a rá faoi ach creid gach a bhfuil scríofa faoi, tá sé ar fheabhas. Molann muid ciseán lán le rudaí deasa ón gcaifé nó dearbhán don chaifé féin.
3. Sinéad Lough
Tá réimse leathan earraí criadóireachta ar fáil ó Shinéad Lough atá lonnaithe i mBaile an Fheirtéaraigh ach ar féidir ordú ar líne uaithi. Is iad na maisiúcháin Nollag seo a sheas amach dúinne i mbliana, nach bhfuil siad gleoite?!

Spreagann seanfhocail muid le hathshamhlú a dhéanamh ar an domhan atá mórthimpeall orainn agus thaitin an fhéilire seo go mór linn, dathanna geala, dearfacha agus bealach álainn le níos mó den Ghaeilge a shú isteach gach mí.
Lonnaithe sna Déise, tá gnó nádúrtha forbartha ar Ché Helvic a chuimsíonn go leor den fhéinchúram a theastaíonn uainn ar fad; am chugainn féin, gan fón agus ceangail láidir leis an nádúr. Is féidir dearbháin a cheannach don té a bheidh ó dheas!