Le linn deich seachtaine chuamar ó ocht gcór déag den scoth go díreach trí chór a bheidh san iomaíocht sa bhabhta ceannais mór an Domhnach beag seo!
Ag teacht ó halla an Helix i mBaile Átha Cliath, canfaidh gach cór dhá amhrán le fáil amach cé a bheidh mar bhuaiteoirí na sraithe. Tá siad ar fad san iomaíocht leis an sárdhuais a bhaint amach, €5000 agus an deis a bheith ag canadh ar stáitse le duine de réaltaí móra na tíre seo, Nathan Carter!
Le cur le scleondar an bhabhta ceannais, beidh ár dtrí chór ag canadh in éineacht le triúr de na hamhránaithe is fearr atá againn sa tír seo; Róisín Chambers, amhránaí den scoth agus duine de na heiseamláirí sean-nóis is fearr ó Bhaile Átha Cliath a bhfuil a cuid ceoil agus amhránaíochta tar éis í a thabhairt ar fud an domhain, Sibéal Ní Chasaide, a bhfuil oidhreacht an cheoil go smior inti agus í ag baint cáil amach anois mar amhránaí, agus an laoch John Spillane, duine de na hamhránaithe agus scríbhneoirí is fearr a bhí againn riamh sa tír seo!

Tagann ár gcóir ó fud fad na tíre agus tá amhráin atá in oiriúint do gach lucht féachana, traidisiúnta, córúil, snagcheol, popcheol, agus ceol gaspal ina measc. Na cóir iontacha a bheidh in aghaidh a chéile sa bhabhta ceannais ná: The Open Arts Community Choir, The Kill Singers agus an OLV Gospel Choir.
Lonnaithe i mBéal Feirste, is cór dinimiciúil, cuimsitheach agus rathúil é The Open Arts Community Choir. Léiríonn an cór an chaoi a dtagann daoine ó chúlraí cultúrtha éagsúla, daoine faoi mhíchumas ina measc, le chéile trí mheán na hamhránaíochta le bheith ina n-ambasadóirí dearfacha do Thuaisceart na hÉireann ó bunaíodh iad in 2000. Tar éis dóibh na céimeanna deiridh de "Last Choir Standing" de chuid an BBC a bhaint amach in 2008 agus "An Cór" de chuid RTÉ in 2010, tá dul chun cinn déanta acu ar feadh na mblianta, agus iad ina mbuaiteoirí i bhFéile Chórúil Idirnáisiúnta Bheannchair agus ina mbuaiteoirí boinn óir dúbailte i gCluichí Cór na hEorpa 2017 sa Laitvia. Tá The Open Arts Community Choir an-oscailte agus is féidir aon amhrán a chanadh agus is é an misean deiridh atá acu ná cruthaitheacht agus forbairt ealaíne daoine faoi mhíchumas a spreagadh agus tacú leo.
Bhunaigh Niall McDonald The Kill Singers timpeall 25 bliain ó shin sa Chill, contae Chill Dara le baill ag teacht chun amhrán a chanadh ó gach cearn de Chill Dara agus ó Bhaile Átha Cliath. Ní cór eaglaise ná cór clasaiceach iad. Déanann siad cur síos orthu féin mar chór éadrom agus is í an siamsaíocht a modus operandus. Tá suas le 45 duine sa ghrúpa ó dhaoine 20 bliain d’aois go 90 bliain d’aois, le go leor baill fir, rud a bhíonn neamhghnách go minic do chór amaitéarach. Tá siad tar éis canadh ar fud na hÉireann agus san Eoraip agus canann siad ag an K Club gach Nollaig chun áthas agus cairdeas a thabhairt don phobal.
Bunaíodh an cór eaglaise, The OLV Gospel Choir, sa bhliain 2007, agus tá siad lonnaithe i Séipéal Our Lady of Victories i nGlas Naíon. Daoine óga a chanann ag Aifreann an Domhnaigh gach seachtain atá i mbaill an chóir. Baineann siad taitneamh as ceol gaspal, popcheol agus iomainn a chanadh le chéile agus iad ag súil le daoine a spreagadh tríd a gcuid ceoil. Tá an córmar shlí dóibh a gcreideamh a chur in iúl ar bhealach spraíúil agus tacúil. Is breá leo a bheith ag canadh ag ócáidí agus ag an Aifreann, seirbhísí carúl agus ócáidí carthanachta ina measc. Is breá leo a bheith ag an Aifreann agus ag canadh le chéile chun sásamh a thabhairt do dhaoine agus solas a lonrú.
Tá siad uilig ag iarraidh dul i bhfeidhm ar ár moltóirí eolacha, Moya Brennan, Colm Ó Foghlú agus Nell Ní Chróinín.
Cé a ainmneofar mar an cór is fearr in Éirinn? Tá sé in am a fháil amach.
Curfá - An Finale ar TG4 An Domhnach Beag seo @ 20:30.