Ar an gclár Bladhaire ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, seoladh Scoil Gheimhridh Ghaoth Dobhair a bheas ag tarlú idir an Nollaig agus an bhliain úr in iarthuaisceart Dhún na nGall.
I measc na gceoltóirí a bhí páirteach sa chlár speisialta seo, bhí Mairéad Ní Mhaonaigh, Cathal Ó Curráin, Megan Ní Ruairí agus Megan Mc Ginley. Beidh na ceoltóirí seo ar fad ag glacadh páirte sa Scoil féin, ó theagasc ranganna i rith an lae go seisiúin cheoil istoíche, tá an dá chuid den scoil fíorthábhachtach.