skip to main content

What to watch le linn na Nollag

From classics to brand new shows, tá réimse leathan ábhar le taispeáint thar an Nollaig, an tréimhse is tábhachtaí teilifíse don bhliain.

Christy Dignam, Cloch le Carn, Dé Céadaoin, 27 Nollaig, 6.30pm

When Christy Dignam was laid to rest after a long illness in June 2023, the streets of Dublin were lined with people paying last respects to a much-loved singer, songwriter, poet and philosopher, proud Dub and even prouder Irishman. This special hour-long edition of Cloch le Carn celebrates the life and work of a charismatic and gifted musician and performer; a spiritual searcher who had shared the highs and lows of his life with us all and who, in doing so, had endeared himself to the nation.

Laoch an cheoil agus na ndaoine ab ea Christy Dignam. Dub go smior agus duine a chuaigh go mór i bhfeidhm ar go leor, leor daoine ina chuid ceoil agus an daonnachta a bhí ann ach go háirithe agus é ag caint faoi fhadhbanna sóisialta agus drugaí.

Christy Dignam, Cloch le Carn

Gael Linn @ 70, Lá Fhéile Stiofáin 8pm ar TG4

Clár comórtha ceoil agus amhránaíochta is ea Gael Linn ag 70 ina ndéanfar ceiliúradh ar 70 bliain ó bunaíodh Gael-Linn.

Paddy na Meachain, 28 Nollaig 9.20pm ar TG4
Sa chlár faisnéise nua seo, cuirfear aithne ar Paddy Finnerty, fear ar leith a bhfuil a shaol tugtha aige do líon na mBeach Dubh Éireannach Dúchasach a chaomhnú. Bí réidh le hinspioráid a fháil ó scéal éachtach Paddy, atá lán le míreanna gáire, féinmhachnaimh agus grá don timpeallacht.

Séamus Begley: The Bold Kerryman, 29 Nollaig, 6:30pm ar RTÉ ONE

Tugann an scannán fáisnéise "" ómós don mhórcheoltóir, amhránaí, feoirmeoir agus rógaire Séamus Ó Beaglaoich, a d'imigh ar shlí na fírinne i Mí Eanair 2023. Tugtar léargas ar an saol a chaith sé le ceol a d’fhág rian mór ar phobal an cheoil thraidisiúnta ar fud na tíre, agus a mhúnlaidh stíl ceoil Iarthar Dhuibhneach. D’fhág a bhás obann scamall dhorcha an bhróin ar a mhuintir, a chairde, na Gaeil agus ceoltóirí ar fud an domhain a raibh meas agus grá mór acu dó.

Taispeánann an scannán fáisnéise seo an duine spleodrach, éirimiúil, anamúil a bhí i Séamus Ó Beaglaoich ar stáitsí an domhain mhór agus mar fheoirmeoir ar a thalamh féin i mBaile na bPoc. Ba é Séamus croílár sprid na dúthaígh Duibhneach, áit ina bhfuil an teanga, ceol agus an cúltúr beo beathach.

Séamus Begley: The Bold Kerryman, 29 Nollaig, 6:30pm ar RTÉ ONE

Léiríonn an scannán an ról spreagúil an bhí ag Séamus mar cheoltóir, ag tabhairt airde ar an gcaidreamh ceolmhar a bhí aige le Steve Cooney. Feictear conas a d’fhás an cairdeas idir an feoirmeoir Duibhneach, Séamus, agus an hipí Astrálach, Steve, ón chéad aithne le teannas go nasc agus fuaim inaitheanta atá le clos ar an dlúthdhiosca íocónach 'Meitheal’. Taifead ab ea ‘Meitheal’ a d’fhág lorg ollmhór ar cheol traidisiúnta na hÉireann – rud a thug ardán don mbua a bhí ag Séamus leis na polcaí, na sleamhnáin, na hamhráin agus an ghreann a thabhairt chun cinn.

Inis Meáin Idir Dhá Linn, 30 Nollaig 9.20pm ar TG4

Sa chlár Inis Meáin Idir Dhá Linn, castar an grianghrafadóir Chris Rodmell orainn a rinne taifead ar Inis Meáin 50 bliain ó shin. Tugtar an lucht féachana chuig oileán iargúlta sa chlár faisnéise tarraingteach seo chun léargas fileata den am atá caite, den am i láthair agus den am atá le teacht a thabhairt .

Inis Meáin Idir Dhá Linn, 30 Nollaig 9.20pm ar TG4

Fáilte 2024, 11.30pm ar TG4

Bí in éineacht le Dáithí Ó Sé agus Doireann Ní Ghlacáin chun fáilte a chur roimh an mbliain úr chomh maith le ceoltóirí agus amhránaithe éagsúla eile ar láithreacha éagsúla ar fud na tíre agus muid ag cur fáilte roimh an mbliain nua ar an gclár Fáilte 2024.

Ó Bhéal, 2 Eanáir, 9,15pm ar TG4

Déan iniúchadh ar an méid a bhíonn i bpáirt ag hip-hop Gaelach agus ag ceol leictreonach trí léargas a fháil ó cheoltóirí a bhíonn ag tarraingt ar an mbéaloideas agus amhránaíocht ar an sean-nós.