Tá Séamas Ó Concheanainn insealbhaithe mar Choimisinéir Teanga ag Uachtarán na hÉireann, Michael D. Higgins ó thráthnóna inné. Labhair An Coimisnéir nua ar an gclár Adhmhaidin ar RTÉ Raidió na Gaeltachta faoina ról nua.
Is é an tríú duine ar bronnadh an ról seo orthu. Ag labhairt ar an ról, deir Ó Concheanainn go bhfuil os cionn 500 gnólachtaí poiblí faoi scáth Oifig an Choimisinéara agus go bhfuil an tAcht ann le cinntiú go gclaíonn na gnólachtaí seo leis an reachtaíocht.
Tá Séamas ag obair in oifig an Choimisinéara le tamall agus deir sé ag éisteacht leis na daoine eile a bhí sa ról roimhe, Rónán Ó Domhnaill agus Seán Ó Curreáin go raibh athruithe ag teastáil ón reachtaíocht. Sa reachtaíocht nua seo atá tugtha isteach, tá gealltanais phraiticiúla agus tá plean náisiúnta le forbairt ag an gCoiste Comhairleach leis ar an gcur chuige a bheidh ag an earnáil phoiblí idir seo agus 2023 a leagan amach ar mhaithe leis na seirbhísí a theastaíonn a chur ar fáil.
'Feicim go bhfuil cearta teanga agus bisiúlacht teanga fite fuaite ina chéile agus caithfear an reachtaíocht a chur i bhfeidhm i mbealach go bhfuil an teanga bheo á cothú agus ag teacht leis an iarracht atá a dhéanamh ag an talamh ag pobal na Gaeilge an teanga a chothú agus mar phríomhtheanga sa nGaeltacht'
Labhair Ó Concheanainn faoin bplean go mbeadh Gaeilge inniúil ag 20% nó duine as gach cúigear d'fhostaithe nua san earnáil phoiblí faoin mbliain 2030. Ba cheart go réiteodh an straitéis earcaíochta seo fhadhb mhór a bhíonn ag daoine atá ag iarraidh gnó a dhéanamh trí Ghaeilge leis an stát, 'sé sin nach féidir brath ar chumas teanga na foirne.