skip to main content

10 leabhar do dhaoine fásta

Údar agus léitheoir í Áine Ní Ghlinn. Labhair sí ar an gclár Tús Áite ar RTÉ Raidió na Gaeltachta faoi na deich leabhar is mó a chuaigh i bhfeidhm uirthi i mbliana

1. Fáinne Geal an Lae- Eilís Ní Dhuibhne

Cuimhní cinn ar óige an údair é seo. Lonnaithe in Ragnallach sula raibh Raghnallach trendy, deir Ní Ghlinn go bhfuil an leabhar seo dea-scríofa agus go léiríonn sé stair na cathrach chomh maith leis an údar.

2. An Dá Shaol: Ag Rútaí i Ráth Cairn le Pádraic Mac Donncha

Cuimhní cinn é seo faoi fhear atá lonnaithe i Rath Cairn agus chomh maith leis sin, is taifead é ar an tslí ar caomhnaíodh cultúr sa cheantar i ndiaidh do lucht Chonamara bogadh go Contae na Mí.

3. Solas Geimhridh- Laoighseach Ní Choistealbha

Cnuasach filíochta é seo atá 'críochnaithe, forbartha', a deir Ní Ghlinn. Seo an chéad chnuasach ón bhfile agus téann sé i ngleic le cuid mhór ábhar ó chúrsaí na mban go grá agus an nádúr.

4. Sa Pholl Báite- Anna Heussaff

Leabhar a choinneoidh an léitheoir leis, who done it nó cé a rinne é le húdar aitheanta.

5. Ag dul i bhfad-Alan Titley

Cnuasach gearrscéalta ón údar mór le rá, meascán de scéalta nua agus scéalta a cuireadh i gcló in áiteanna éagsúla.

6. An grá agus an ghruaim-Seosamh Mac Grianna

Athfhoilsiú ar leabhar cáiliúil ón údar mór le rá as Dún na nGall a foiksíodh sa bhliain 1929 don chéad uair. Leabhar álainn ar fad a deir Ní Ghlinn agus í ag tagairt don dearadh chomh maith leis an scríbhneoireacht.

7. Flaitheas Proinsias Mac a' Bhaird

Scéal Cholmcille ina ógánach, feiceann an léitheoir é mar dhuine atá ag streachailt agus ní mar naomh.

8. Athmháthair le Michela Murgia

Tá an t-úrscéal seo suite sa tSairdín, sna blianta 1950-1960, agus an tsochaí ag teacht as an bhochtaineacht i diaidh dhá chogadh dhomhanda, sean-nósanna á gcleachtadh go fóill, agus an teanga dhúchais i réim

9. An Tiarna George Hill agus pobal Ghaoth Dobair, Cathal Porteir

Leabhar staire atá lán le heolas spéisiúil faoi thiarna talún a chabhraigh le muintir na háite

10. Deirdre le Darach Ó Scolaí

Bunaithe ar an leagan is sine de Dheirdre agus clann Uisnigh. Luann Ní Ghlinn na learáidí áille a chuireann go mór le scéal Uí Scolaí.