Roghnaigh an t-údar Áine Ní Ghlinn na deich leabhar is fearr ina tuairim do pháistí agus daoine óga i mbliana ar an gclár Tús Áite ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.
1. Púcaí Smúcaí le Gabriel Rosenstock, learáidí le Tarsila Kruse.
Seod é seo, a deir Ní Ghlinn. Leabhar nua ar an margadh ina bhfuil cuid de na dánta is fearr a scríobh an file clúiteach Gabriel Rosenstock le blianta anuas. Tá QR code ag dul leis an leabhar, áit ar féidir éisteacht leis an gcraoltóir Sinéad Ní Uallacháin agus páistí ó Scoil Ghobnait ag déanamh aithris ar na dánta.
2. Teach Teidí le Sadhbh Rosenstock, learáidí le Ciara Ní Dhuinn
Scéilín, dánta agus amhráin do pháistí óga le cód QR a théann leis an leabhar le go gcloisfeadh na páistí an ceol álainn atá cumtha dóibh.
3. Sraith Rita le Máire Zepf agus Mr Ando
Cailín beag í Rita a bhfuil smaointe móra aici nach n-oibríonn amach i gcónaí.
4. Grian agus Gealach le Muireann Ní Chíobháin
Scéal álainn do pháistí óga a léiríonn dhá phearsantacht, pearsantacht ghlórach na gréine agus pearsantacht shéimh na gealaí.
5. Mo Chéad Uirlisí Ceoil le Tatyana Feeny
Leabhar beag a d'oirfeadh dóibh siúd a scriosann leabhair go héasca sa teach! Brútar cnaipe ar an leabhar agus cloistear ceol.
6. Croí an teaghlaigh an grá le Sophie Beer
Cuirtear an cheist, cad é grá sa leabhar seo? Léirítear cineálacha éagsúla grá atá sa domhan agus ar fáil do pháistí.
7. An Drúichtín agus an Seilide le Oein de Bhardúin
Scéal thar a bheith cumhachtach a théann i ngleic leis na dúshláin atá roimh an lucht siúil in Éirinn sa lá atá inniu ann.
8. An Mac Tíre Deireanach le Patricia Forde
Leabhar nua ó Laureate na n-Óg, Patricia Forde, téacs a d'oirfeadh do pháistí níos sine, molann Ní Ghlinn é dóibh siúd atá idir 8 agus 12.
9. An Bláth Fiáin le Méadhbh Ní Eadhra
Scéal do dhéagóirí é seo, dár le Ní Ghlinn ach pléann sé le mothúcháin chasta na tréimhse sin, ó dheacrachtaí mothúcháin a chur in iúl go fadhbanna pearsanta. Tuiscint iontach ar dhéagóirí agus a bhaineann leo a d'oirfeadh dóibh siúd atá thar 11 bliain d'aois.
10. Inis Mara le Tristan Rosenstock
Leabhar é seo a phléann le hathrú aeráide agus cúrsaí timpeallachta; tá Éabha ag iarraidh muintir Inis Mara a thabhairt le chéile le seasamh a thógáil i gcoinne na ndaoine atá leis an áit a scrios.
Éist le Tús Áite ar RTÉ Raidió na Gaeltachta Luan go hAoine idir 5 agus 6.