skip to main content

Trasna na dTonnta: Kneecap breaking new ground at Sundance

Don chéad uair, beidh scannán Gaeilge á thaispeáint ag féile mhór scannánaíochta Sundance i mbliana agus is iad Kneecap, a bheidh faoi chaibidil ann.

Sa chur síos ar an scannán, deir sé gur seo "the origin story of the riotous and ground-breaking" den ghrúpa as Béal Feirste agus Doire. Tá go leor, leor cainte déanta faoin scannán seo ó rinneadh é agus cé go bhfuil sé bunaithe ar scéal na gceoltóirí, tá cruthaitheacht i gceist freisin leis.

Ag labhairt le Seán Rocks ar Arena ar RTÉ Radio One an tseachtain seo caite, dúirt Mo Chara, duine den ghrúpa nach raibh sé in ann mórán den scéal a roinnt ach go raibh an ghreann dhubh go smior ann. Is léir ón mír ón scannán a eisíodh go dtéann an greann dubh sin lámh le lámh le Kneecap agus iad ag iarraidh dul i ngleic leis an tréimhse síochána a tháinig i ndiaidh na dTrioblóidí a mhaireann fós i gcuimhne na ndaoine ann.

Tá an grúpa féin ag insint a scéalta féin sa scannán agus deir siad go bhfuil siad bródúil an scéal sin a thabhairt ó Iarthar Bhéal Feirste chuig scaileáin idirnáisiúnta.

I measc na ngrúpa a mhaoinigh an tionscnamh seo tá Fís Éireann, TG4, Coimisiún na Meán, Northern Ireland Screen agus An Ciste Craoltóireachta Gaeilge.

Beidh an fhéile Sundance ar siúl i mí Eanáir na bliana 2024 agus taispeánfar an scannán i bpictiúrlanna na hÉireann an bhliain seo chugainn freisin.