Baineann an clár faisnéise seo, Croíthe Radacacha leis an ngrá nár ceadaíodh a lua a bhí i gcroílár Réabhlóid na hÉireann.
Fiosróidh an Stiúrthóir, Ciara Hyland, scéal ocht gcinn de lánúineacha mná a bhí faoi cheilt. Bhí na mná seo lárnach i Réabhlóid na hÉireann, réabhlóid a scaoil Éire saor ó Impireacht na Breataine. Is beag scrúdú atá déanta ar chaidrimh na mban seo go dtí anois. Ní raibh aon ghlacadh leo agus níor áiríodh mar chuid den stair iad, go dtí anois.
Tabharfar léargas ar mhná ar nós Kathleen Lynn, Margaret Skinnider, Eva Gore Booth agus ar mhná eile nach iad sa chlár.
Mná as an ngnáth ab ea na mná seo - iad radacach ina gcuid polaitíochta, feimineachais, sóisialachais agus iad meáite ar chúrsaí saoirse agus comhionannais. I gcomhar lena chéile rinne siad athshamhlú ar Éirinn nua ina mbeadh saol níos fearr ag cách, beag beann ar inscne, cúlra ná rachmas. Mar sin, tá go leor i bpáirt acu le glúin gníomhaithe an lae inniu a bhíonn sa tóir ar chomhionannas chun deireadh a chur le leithcheal.
Sa deireadh thiar, phioc go leor díobh suas gunna agus chuaigh siad ag troid ar son na saoirse agus an chomhionannais sin. Chaill siad cuid mhaith ach mhair siad de réir a dtéarmaí féin. Ba mhar a chéile cúrsaí pearsanta agus polaitiúla dóibh agus bhí an saol príobháideach a chaith siad chomh radacach céanna leis an saol poiblí a chaith siad.

Scéal é seo atá bunaithe ar thaighde ceannródaíoch an staraí Mary McAuliffe agus a bhaineann leis an stair aerach agus na deacrachtaí a bhíonn ann teacht ar fhianaise ar an ngrá a chaití a choimeád faoi cheilt. Tugtar léargas dúinn ar an tslí inar mhair daoine sa tréimhse sin agus an dualgas cruthúnais a bhaineann le caidrimh aeracha a chur faoi scrúdú. Éiríonn le Croíthe Radacacha insint eile a thabhairt dúinn ar obair na ndaoine LADTA+ sa am a caitheadh a d'fhéach le stát nua-aimseartha na hÉireann a chruthú.
Tá rianta le clos in Croíthe Radacacha ó na Pillow Queens agus Elaine Mai a thacaigh go fial leis an scannán mar gur chreid siad i dteachtaireacht na hionchuimsitheachta atá i gcroílár an chláir. Tá ceol sa chlár freisin atá cumtha go speisialta ag Darren Sheehan.
TG4 Dé Céadaoin an 6 Nollaig ag 9.30pm