'Biobus' idirghníomhach cuairt a thabhairt ar na ceantair Ghaeltachta mar chuid de thuras cúig seachtaine thart ar Éirinn chun spleáchas ar bhreosla iontaise a laghdú
Turas bithbhreosla thart ar Éirinn le cuairt a thabhairt ar 36 áit ar fud na tíre
Is é cuspóir 'Biobus' idirghníomhach, nach raibh a leithéid ann cheana, a thaispeáint do dhaoine conas a spleáchas ar bhreoslaí iontaise a laghdú agus tá sé i ndiaidh dul i gceann turas cúig seachtaine thart ar Éirinn, ag bualadh isteach chuig:
Meánscoil San Nioclá, Ring as 11am go 4.30pm ar Dé Domhnaigh, 12ú, Samhain.
Gteic@Béal Átha an Ghaorthaidh, Baile Mhúirne as 10am go 4pm, Dé Luain, 13ú, Samhain.
Pobalscoil Chorca Dhuibhne, Corca Dhuibhne, as 10am go 4pm, Dé Máirt, 14ú, Samhain.
FIBIN Carrchlós, Baile na hAbhann, Cois Fharraige as 10am go 4pm, Dé Céadaoin, 15ú, Samhain.
Áras Inis Gluaire, Béal an'Mhuirthead as 10am go 4pm, Déardaoin, 16ú, Samhain.
Leabharlann, Gaoth Dobhair ar maidin agus An Chrannóg - Comharchumann Forbartha, Gaoth Dobhair sa tráthnóna, Dé hAoine, 17ú, Samhain.
BiOrbic a rinne an 'Biobus’ a shainfhorbairt. Is é an tIonad Taighde Bithgheilleagair SFI ionad taighde bithegheilleagair náisiúnta na hÉireann, comhshaothar náisiúnta ag taighdeoirí de chuid 12 ollscoil na hÉireann ag obair i bpáirt le lucht tionscail agus le páirtithe leasmhara eile agus iad dírithe ar fhorbairt bhithgheilleagar inbhuanaithe, ciorclach.
Seoladh camchuairt náisiúnta Biobus mar chuid de Seachtain Bhithgheilleagair Éireann na bliana seo. Beidh 36 áit i gceist sa chamchuairt, pobail Ghaeltachta san áireamh. Tabharfar cuairt ar gach contae agus beidh cuireadh ar scoileanna, grúpaí pobail agus daoine aonair foghlaim faoin mbithgheilleagar agus mar atá comhlachtaí áitiúla ag forbairt táirgí nuálacha bithbhunaithe cheana féin. Fuíollábhar plandaí is ea foinse 100% de chumhacht an bhus, á sholáthar ag Certa, comhlacht Éireannach.
Míníonn an tOll. Kevin O’Connor, Stiúrthóir BiOrbic an méid a bheidh le foghlaim ag daoine a thiocfaidh ar cuairt chuig an Biobus:
"Fiosraíonn an Biobus a mhéad atáimid ag brath ar bhreoslaí iontaise agus cuirtear i láthair samplaí de tháirgí bithbhunaithe coitianta. Comhlachtaí dúchasacha Éireannacha nó tionscadail taighde in Éirinn a d'fhorbair a lán de na samplaí seo.
"Rud a d'fhéadfadh alltacht a chur ar chuairteoirí Biobus nach fuinneamh, breosla agus plaisteach amháin is cúis le muid a bheith ag brath ar bhreoslaí iontaise. Tá eilimint áirithe de pheitriceimiceáin i mbeagnach gach táirge coitianta, comhaimseartha agus níl sé sin inbhuanaithe. Leis an mbithgheilleagar, cuirtear ar fáil a bhfuil de dhíth ar an tsochaí ó fhoinsí in-athnuaite, bithbhunaithe amhail plandaí, ainmhithe agus miocróib.
"Táimid ag luathchéim i mbithréabhlóid agus muid ag aistriú ó spleáchas ar acmhainní iontaise chuig bithgheilleagar ciorclach atá níos inbhuanaithe, níos cothroime. Tá Éire san áit ar féidir linn a bheith inár gceannairí sa spás seo. Tá tionscail Agrai-bhia agus Mhuirí againn cheana a bhfuil suntas domhanda leo le cois roinnt mhaith comhlachtaí agus FBManna móra a chuireann an nuálaíocht inbhuanaithe chun cinn."
Chomh maith le dramhaíl a laghdú trí tháirgeadh ábhair in-bhithmhillte, le cur chuige bithgheilleagair, is féidir spriocanna aeráide na hÉireann a bhaint amach trí bhonn a chur faoi gheilleagar inbhuanaithe, ciorclach atá neamhdhíobhálach don chomhshaol.
Féadann scoileanna, grúpaí pobail agus daoine aonair spéis a léiriú trí Cathy.Keenan@biorbic.com